This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E057
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE IV - FREE MOVEMENT OF PERSONS, SERVICES AND CAPITAL#CHAPTER 3 - SERVICES#Article 57 (ex Article 50 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 3 - SEIRBHÍSÍ
Airteagal 57 (sean-Airteagal 50 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 3 - SEIRBHÍSÍ
Airteagal 57 (sean-Airteagal 50 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, pp. 70–70
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/70 |
Airteagal 57
(sean-Airteagal 50 CCE)
Measfar gur "seirbhísí" de réir bhrí na gConarthaí seirbhísí a thugtar de ghnáth ar luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus daoine.
Áireofar go háirithe gur "seirbhísí":
(a) |
gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch; |
(b) |
gníomhaíochtaí de chineál tráchtálach; |
(c) |
gníomhaíochtaí aos ceirde; |
(d) |
gníomhaíochtaí aos gairme. |
Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle a bhaineann leis an gceart bunaíochta, féadfaidh soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé an tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Bhallstát ina soláthraítear an tseirbhís, faoi choinníollacha mar a chuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh féin.