这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码
Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E316

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL II - FORÁLACHA AIRGEADAIS
CAIBIDIL 3 - BUISÉAD BLIANTÚIL AN AONTAIS
Airteagal 316 (sean-Airteagal 271 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, pp. 185–185 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_316/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/185


Airteagal 316

(sean-Airteagal 271 CCE)

De réir coinníollacha a leagfar síos de bhun Airteagal 322, aon leithreasaí, seachas iad siúd a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, a bheidh gan chaitheamh i ndeireadh na bliana airgeadais, féadfar iad a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina dhiaidh sin, ach ní níos faide ná sin.

Aicmeofar na leithreasaí faoi chaibidlí éagsúla, agus míreanna caiteachais á ngrúpáil de réir a gcineáil nó a gcuspóra, agus á bhforoinnt, de réir na rialachán a dhéanfar de bhun Airteagal 322.

Déanfar caiteachas Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, an Choimisiúin, agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leagan amach i gcodanna leithleacha den bhuiséad gan dochar do shocruithe speisialta le haghaidh míreanna áirithe caiteachais a bheidh orthu i gcoiteannas.


Top