AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.10.2025
JOIN(2025) 26 final
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Comhshocrú don Mheánmhuir
Aon Mhuir Amháin, Aon Chomhshocrú Amháin, Aon Todhchaí Amháin
1.RÉAMHRÁ
I dteannta a chéile, roinneann an tAontas Eorpach (AE) agus comhpháirtithe ar fud na Meánmhara Theas spás ina bhfuil deiseanna, dúshláin agus freagrachtaí coiteanna: is é sin Spás Coiteann na Meánmhara atá againn. Oibrímid i gcomhar le chéile ar mhaithe le réigiún na Meánmhara atá cobhsaí agus rathúil.
Ó bunaíodh Próiseas Barcelona in 1995, is sprioc straitéiseach don Aontas Eorpach é limistéar síochána agus rathúnais chomhchoitinn a chruthú i réigiún na Meánmhara. Agus Clár Oibre 2021 don Mheánmhuir agus an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta a ghabhann leis ag cur le tacar institiúidí agus formáidí comhair atá ann cheana, tá sé tar éis borradh breise a sholáthar, agus cistiú iomlán an Aontais de thart ar EUR 6 bhilliún do Chomharsanacht an Deiscirt faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta á shlógadh, rud a spreagann thart ar EUR 27 mbilliún d’infheistíochtaí le haghaidh roinnt tionscadail shuaitheanta nithiúla.
Le ceapachán an chéad Choimisinéara Eorpaigh um Réigiún na Meánmhara, a oibreoidh i ndlúthchomhar le hArdionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, léirítear uaillmhian an Aontais dlús a chur lena hiarrachtaí agus cur chuige níos dírithe a bheith aige i leith na Meánmhara.
Léirítear an uaillmhian straitéiseach sin sa Chomhshocrú don Mheánmhuir (‘an Comhshocrú’). Is mian linn an caidreamh sin a neartú agus comhtháthú níos doimhne a bhaint amach laistigh de Spás Coiteann na Meánmhara. Tá sé d’aidhm ag an gComhshocrú athrú paraidíme a thabhairt i gcrích, rud a bhfuil gá leis chun acmhainneacht iomlán ár gcomhpháirtíochta a bhaint amach agus chun oibriú le chéile bunaithe ar phrionsabail na comhúinéireachta, an chomhchruthaithe agus na freagrachta comhpháirtí.
Tá réigiún na Meánmhara ag crosbhóthar trí mhór-roinn – is iad sin an Eoraip, an Afraic agus an Áise – agus is droichead ríthábhachtach é don chomhpháirtíocht eacnamaíoch, don malartú cultúrtha, agus don idirphlé idir na réigiúin éagsúla sin. Mar gheall ar an gcomhthéacs geopholaitiúil domhanda agus réigiúnach atá ann faoi láthair, tá gá le caidreamh polaitiúil níos dlúithe agus comhpháirtíocht threisithe. Go háirithe, braitear éifeachtaí an chogaidh in Gaza sa Mheánoirthear agus níos faide i gcéin, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht ar an neamhshláine agus ar an éagobhsaíocht. Cloch mhíle stairiúil is ea an comhaontú a rinneadh le déanaí maidir le deireadh a chur le coinbhleacht Gaza agus tugtar deis leis don Iosrael, don Phalaistín agus don réigiún níos leithne conair pholaitiúil inchreidte a chruthú i dtreo síocháin agus slándáil mharthanach, bunaithe ar an réiteach dhá stát. Cé gurb é tosaíocht láithreach an Aontais a áirithiú go sroichfidh cabhair dhaonnúil leordhóthanach Gaza, rannchuideoidh an tAontas freisin trí thacaíocht a thabhairt le haghaidh rialachas agus athchóiriú Údarás na Palaistíne, cistiú a sholáthar chun Gaza a atógáil, mar shampla tríd an nGrúpa Deontóirí don Phalaistín a thionól, agus trí láithreacht a mhisin CBSC de chuid an Aontais a neartú.
Tá na coinbhleachtaí agus an chorraíl a tharla le déanaí ag cur leis an teannas — na coinbhleachtaí agus an chorraíl sa Liobáin, sa tSiria, in Éimin agus san Iaráin san áireamh — rud a bhfuil tionchar aige ar an tslándáil mhuirí agus ar an trádáil idirnáisiúnta. Tá an baol ann freisin go mbeidh éifeachtaí iarmhartacha ar réigiún na Meánmhara mar gheall ar an neamhshláine agus ar an éagobhsaíocht san Afraic, go háirithe i réigiún comharsanachta na Saiheile, ar réigiún é a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis do thíortha na hAfraice Thuaidh. Tá tionchar ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar an réigiún freisin, go háirithe maidir leis an tslándáil bia.
Is deis é an Comhaontú chun ár gcaidreamh fíor-riachtanach a athmhúnlú agus béim a leagan ar ár dtiomantas don tsíocháin, don tslándáil agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach, rud a thugann comhartha soiléir polaitiúil comhpháirtíochta ar an leibhéal domhanda.
Bunófar leis an gComhshocrú creat praiticiúil comhair lena gcomhcheanglaítear tiomantas láidir polaitiúil le cur chuige ón mbun aníos trí thionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun feidhme i réimsí tosaíochta beartais leasa choitinn. Is féidir torthaí nithiúla a bhaint amach leis na tionscnaimh sin do dhaoine de gach aois, go háirithe daoine óga, mná, gnólachtaí beaga agus fiontraithe. Leis an gComhshocrú, cuirfear comhar na leibhéal réigiúnach agus áitiúil chun cinn i Spás Coiteann na Meánmhara. Leis an gclaochlú leanúnach sochaíoch agus eacnamaíoch sa réigiún, cuirtear neart deiseanna ar fáil le haghaidh comhar a d'fhéadfadh a bheith chun tairbhe do dhaoine. An tráth céanna, agus aghaidh á thabhairt ar dhúshláin aeráide, chomhshaoil agus slándála le chéile, is féidir cuidiú le hathléimneacht an réigiúin a fhorbairt agus a neartú a thuilleadh, agus ár gcomhpháirtíocht a athdhíriú ar thionscail na todhchaí an tráth céanna. Is deis é an Comhshocrú chun iarrachtaí a dhíriú i dtreo na réimsí a bhféadfadh tionchar marthanach claochlaitheach a bheith acu ar an réigiún i gcoitinne agus ar fud an domhain.
Is toradh é an Comhshocrú ar phróiseas forleathan comhairliúcháin leis na 10 gcomhpháirtí de chuid na Meánmhara Theas, le Ballstáit an Aontais, le Parlaimint na hEorpa, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le Coiste na Réigiún, le tíortha comharsanachta nach bhfuil san Aontas, le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile. I bhfianaise a chomhdhéanaimh uathúil mar eagraíocht idir-rialtasach ina bhfuil comhpháirtithe uile an Aontais agus na Meánmhara Theas ina gcomhaltaí, bhí dlúthbhaint ag an Aontas don Réigiún Meánmhuirí leis. Bhí ról tábhachtach ag Fondúireacht Anna Lindh sna comhairliúcháin freisin.
Rinneadh comhairliúcháin freisin le raon leathan páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar chodanna éagsúla den tsochaí shibhialta, mar shampla gníomhaithe eacnamaíocha, cultúrtha agus sóisialta, an lucht acadúil agus meithleacha machnaimh. Tugadh aird ar leith ar an ngné réigiúnach agus áitiúil, ós rud é freisin go mbeidh ról lárnach acu i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe. Bhí dlúthbhaint ag daoine óga le comhairliúcháin trí shraith imeachtaí, go háirithe tríd an Idirphlé Eora-Mheánmhara leis an Aos Óg.
Pléadh toradh na gcomhairliúchán sin mar chuid den Chruinniú Aireachta idir an tAontas agus Comharsanacht an Deiscirt an 14 Iúil 2025, inar dhearbhaigh 10 gcomhpháirtí de chuid na Meánmhara Theas agus Ballstáit an Aontais go bhfuil siad toilteanach oibriú le chéile go pragmatach ar thionscnaimh agus gníomhaíochtaí nithiúla an Chomhshocraithe a bheidh ann amach anseo.
Le himeacht ama, d’fhéadfaí raon feidhme an Chomhshocruithe a leathnú lasmuigh de réigiún na Meánmhara Theas, rud a chuireann le sineirgí le tionscnaimh eile de chuid an Aontais. Déanfar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí leasa fhrithpháirtigh agus straitéisigh do chomhpháirtithe na Murascaille, do thíortha comharsanachta na hAfraice Fo-Shaháraí, go háirithe an Mháratáin agus an tSeineagáil, don Tuirc agus do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar agus don Mhuir Dhubh a fhiosrú agus a spreagadh de réir mar is iomchuí. Saothrófar comhar le heagraíochtaí réigiúnachafreisin – an tAontas Afracach, Léig na Stát Arabach, Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille.
Leis an gComhshocrú, tacófar le dlús breise a chur leis an gcomhar triantánach go háirithe le comhpháirtithe na Murascaille. Tá sé sin ríthábhachtach toisc gur droichead tábhachtach iad na tíortha sin idir an Eoraip, an Áise agus an Afraic agus is féidir ról tábhachtach a bheith acu maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin pholaitiúla, eacnamaíocha, forbartha agus dhaonnúla sa Mheánmhuir Theas, agus sa Mheánoirthear go háirithe. Tá go leor réimsí fócais den Chomhshocrú ag teacht le tosaíochtaí Theachtaireacht Chomhpháirteach an Aontais maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill, go háirithe maidir leis an aistriú glas, trádáil, iompar, cobhsaíocht réigiúnach agus an tslándáil dhomhanda.
2.NA TRÍ CHOLÚN DEN CHOMHSHOCRÚ
Leis an gComhshocrú, cuirtear tús le próiseas, de chineál neamhiata, lena gcruthaítear creat praiticiúil don chomhar atá bunaithe ar thrí cholún:
I.Daoine: an ceann feadhna ar son an athraithe, na nasc agus na nuálaíochta
II.Geilleagair atá níos láidre, níos inbhuanaithe agus comhtháite
III.Slándáil, ullmhacht agus bainistiú imirce
Tá na trí cholún fite fuaite ina chéile. Cuimsíonn gach ceann acu sraith tosaigh de thionscnaimh nua inghníomhaithe, chomh maith le tograí chun gníomhaíochtaí atá ann cheana a uas-scálú ar féidir leo tionchar claochlaitheach a bheith acu agus breisluach a thabhairt leo. Tá an Comhshocrú bunaithe ar phrionsabal na solúbthachta, rud a fhágfaidh go mbeidh rannpháirtíocht athraitheach ag comhpháirtithe i gcur chun feidhme na dtionscnamh éagsúil.
Leis an gComhshocrú, cuirfear le tionscnaimh atá ann cheana, mar shampla an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, na Comhaontuithe Comhlachais, Tosaíochtaí Comhpháirtíochta, Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha agus Cuimsitheacha, creataí comhair réigiúnacha eile, chomh maith le straitéisí náisiúnta na mBallstát.
Slógfar ionstraimí airgeadais ábhartha uile an Aontais chun tacú le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, atá ag teacht le tosaíochtaí ICFCI - an Eoraip Dhomhanda, Global Gateway agus an Eoraip Dhomhanda a bheidh ann amach anseo. Lorgófar ranníocaíochtaí ó Bhallstáit an Aontais agus ó chomhpháirtithe na Meánmhara Theas chun tionchar agus sineirgí na ngníomhaíochtaí a uasmhéadú. Ar an gcuma chéanna, i gcur chuige Fhoireann na hEorpa, úsáidfear institiúidí airgeadais Bhallstáit an Aontais, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus cistiú ón earnáil phríobháideach, d’fhonn deiseanna a chruthú do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Oibreoidh an tAontas agus comhpháirtithe na Meánmhara Theas chun cearta an duine, dea-rialachas agus saoirsí bunúsacha a chaomhnú, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Déanfaidh siad comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn. Beidh sé sin ina bhonn agus ina thaca faoi chur chun feidhme na dtionscnamh agus is gné ríthábhachtach é chun sochaí shibhialta bhríomhar a chothabháil agus chun timpeallacht ghnó níos sláintiúla agus níos fabhraí a chur chun cinn.
I.Daoine: an ceann feadhna ar son an athraithe, na nasc agus na nuálaíochta
Tosaíonn Spás Coiteann na Meánmhara lena mhuintir: is spás coiteann cultúrtha, stairiúil agus daonna é. Trí dhaoine a nascadh le chéile, cruthaítear naisc lena gcothaítear comhthuiscint agus lena gcuirtear deiseanna fáis agus forbartha ar fáil, rud a thugann cobhsaíocht agus a chuireann béim ar na tairbhí a bhaineann le bheith ag obair le chéile.
Cé go bhfuil orainn san Aontas aghaidh a thabhairt ar threochtaí déimeagrafacha atá ag dul i laghad a bhfuil tionchar ag meascán d’ardionchas saoil agus laghdú ar rátaí breithe orthu, tá brú sóisialta, eacnamaíoch agus déimeagrafach ar an gcuid theas de réigiún na Meánmhara. Leis an gComhshocrú, tá deis againn infheistíocht a dhéanamh san oideachas, i scileanna, san imirce chiorclach agus i slite beatha. Tá tionchar soiléir agus léirithe ag an oideachas ar an bhforbairt agus ar an bhfás eacnamaíoch. Cé go bhfuil fonn ar dhaoine óga sa Mheánmhuir Theas dul i mbun ardoideachais agus gairmoiliúna, is bacainní ar an rochtain atá acu ar fhostaíocht chuibhiúil i margaí saothair náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta iad rátaí níos ísle de bhaint amach céimeanna, aitheantas míchothrom cáilíochtaí agus soghluaisteacht theoranta chomh maith le deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta.
Trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, agus tacaíocht á tabhairt dá roghanna foghlama, fáis agus soghluaisteachta, cuideoidh an Comhshocrú le naisc chultúrtha, acadúla, shóisialta agus eacnamaíocha a neartú, rud a fhágfaidh go mbeidh an comhar idir an tAontas agus réigiún na Meánmhara Theas níos láidre agus níos athléimní fós.
I.1.
Ardoideachas, gairmoiliúint, forbairt scileanna, taighde agus nuálaíocht
I gcomhréir le hAontas na Scileanna, tacóidh an Comhshocrú le forbairt scileanna agus le rochtain ar mhargaí saothair trí oideachas agus gairmoiliúint. Trí chomhar a chruthú le hinstitiúidí agus leis an earnáil phríobháideach i Spás Coiteann na Meánmhara, tá sé mar aidhm aige go mbeidh an réigiún ina mhol don oideachas, don nuálaíocht, don taighde agus don fhorbairt thrasnáisiúnta, rud a chuirfidh leis an athléimneacht agus leis an atógáil. Beidh ról tábhachtach ag ollscoileanna, institiúidí oideachais agus oiliúna, bonneagair thaighde agus theicneolaíochta, earnálacha tionsclaíocha, fondúireachtaí agus gníomhaithe cultúrtha sa chomhthéacs sin.
Leis an gComhshocrú, cuirfear leis an idirphlé polaitiúil ardleibhéil maidir leis an ardoideachas ar leibhéal na n-airí, chomh maith le comhar rathúil le comhpháirtithe na Meánmhara Theas faoi Erasmus+, chun timpeallacht ardoideachais agus forbartha scileanna níos comhtháite agus níos cuimsithí a chruthú i Spás Coiteann na Meánmhara, mar shampla trí ardán nua na Meánmhara maidir leis an ardoideachas a sheoladh.
Ina theannta sin, is féidir le hiarrachtaí oideachais tairbhe a bhaint as cothroime idirghlúine lena dtugtar an deis fuinneamh na hóige a aontú le taithí na nglún níos sine, rud a d’fhágfadh go mbeadh an éagsúlacht aoise ina neart comhroinnte don nuálaíocht agus don chomhtháthú.
|
Ardoideachas, scileanna, taighde agus nuálaíocht
Leis an tionscnamh, cruthófar timpeallacht níos comhtháite agus níos cuimsithí don ardoideachas agus do scileanna, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Ollscoil na Meánmhara a bhunú, a bheidh ina hinstitiúid ag a mbeidh campais i Spás Coiteann na Meánmhara, agus ag a mbeidh cláir maidir leis na daonnachtaí, eolaíochtaí nádúrtha agus eolaíochtaí teicniúla. Leis sin, cuirfear le taithí na n-institiúidí ardoideachais sa réigiún agus taithí na gcomhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, agus bainfear úsáid as gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta atá ann cheana faoin gclár Erasmus+ agus comhlánófar na gníomhaíochtaí sin. Cuirfear malartuithe foirne agus mac léinn chun cinn ar fud ollscoileanna agus scoileanna gnó roghnaithe ón réigiún leis sin, ar bhealach cuimsitheach, agus beidh sé d’aidhm aige curaclaim/cláir chomhpháirteacha, céimeanna comhpháirteacha, agus gníomhaíochtaí oideachais eile a fhorbairt, amhail scoileanna samhraidh agus micridhintiúir chomhpháirteacha.
·Soghluaisteacht mac léinn agus ball foirne san ardoideachas a fheabhsú faoin gclár Erasmus+, chomh maith le soghluaisteacht taighdeoirí a chur chun cinn faoi ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie den chlár Fís Eorpach.
·Lárionaid Nuálaíochta agus Taighde a bhunú agus a fhorbairt a thuilleadh, lena dtabharfar le chéile ollscoileanna agus an earnáil phríobháideach chun feabhas a chur ar aistriú eolais agus teicneolaíochta, ina mbeidh nuálaithe, gnólachtaí nuathionscanta agus infheisteoirí rannpháirteach.
·Lárionad Taidhleoireachta Eolaíochta na Meánmhara a bhunú chun an bhearna idir an eolaíocht agus an beartas a dhúnadh, agus chun oiliúint a chur ar fhoireann taidhleoireachta agus theicniúil i gcaibidlíocht trasteorann, i ndearadh tionscadal comhpháirteach, agus i gcomhairle beartais fhianaisebhunaithe.
·Tacú le cláir mheantóireachta idirghlúine chun eolas agus taithí a chomhroinnt leis an óige.
|
Tá sé ríthábhachtach an bhearna idir an t-oideachas agus an ghairmoiliúint, ar thaobh amháin, agus deiseanna fostaíochta comhionanna cuibhiúla, ar an taobh eile, a dhúnadh, chun aistriú rianúil chuig margaí saothair agus laistigh díobh a áirithiú agus chun iomaíochas a fheabhsú. Tá sé fíor-riachtanach cumhachtú na mban a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní chun leas a bhaint as acmhainneacht na ngeilleagar agus na sochaithe ar fud Spás Coiteann na Meánmhara. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí conairí imirce lucht oibre idir an tAontas agus an Mheánmhuir Theas a leathnú, le haghaidh oibrithe séasúracha freisin, chun an tairiscint agus an t-éileamh a mheaitseáil sna margaí saothair agus chun fás eacnamaíoch a chur chun cinn.
|
An bhearna scileanna agus cáilíochtaí sna margaí saothair a dhúnadh
Beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh tacú le haistriú rianúil oibrithe i gcomhpháirtithe na Meánmhara Theas chuig margaí saothair réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cumhdófar réimsí éagsúla infhostaitheachta leis, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Éiceachórais Oiliúna agus Oideachais Teicneolaíochta agus Gairme a uas-scálú trí ghairmoiliúint a ailíniú le riachtanais an mhargaidh saothair chun earnálacha leasa fhrithpháirtigh a chumhdach, lena n-áirítear sa talmhaíocht agus próiseáil bia, na hearnálacha digiteacha agus cultúrtha, agus turasóireacht nuálach.
·Tacú le forbairt scéimeanna atá múnlaithe ar Phleananna Náisiúnta Ráthaíochta don Aos Óg atá curtha in oiriúint do chomhthéacsanna réigiúnacha agus áitiúla chun a áirithiú go bhfaighidh daoine óga deiseanna i margaí saothair.
·Rianaire Scileanna MED a bhunú chun na scileanna a shealbhaíonn tairbhithe thionscadail de chuid an Aontais nó tionscadal comhpháirtithe a dhoiciméadú. Le Rianaire Scileanna MED, éascófar aitheantas agus inaistritheacht scileanna agus feabhsófar deiseanna soghluaisteachta idirnáisiúnta agus ciorclacha faoi chláir agus tionscnaimh atá ann cheana. Leis sin, rannchuideofar le Comhpháirtíochtaí Tallainne.
·Feabhas a chur ar phrintíseachtaí ardcháilíochta agus samhlacha foghlama obairbhunaithe feabhsaithe, go háirithe trí rannpháirtíocht chomhpháirtithe na Meánmhara Theas sa Chomhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí a chur chun cinn.
|
I.2.
An cultúr, an spórt agus an turasóireacht
Tá raon suntasach oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha inláimhsithe agus doláimhsithe araon ag an Meánmhuir. Le breis agus 60 láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO agus le saol dinimiciúil ailtireachta agus ealaíonta comhaimseartha, tugann réigiún na Meánmhara Theas fianaise chumhachtach dár bhfréamhacha comhpháirteacha agus cuireann sé bonn ar fáil don chomhar amach anseo tríd an gcultúr, tríd an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe, lena n-áirítear traidisiúin bhia, oideachas agus forbairt atá dírithe ar an oidhreacht.
Ba cheart níos mó ná ionaid taispeántais amháin a bheith i láithreáin chultúrtha agus institiúidí cultúrtha, agus in iarsmalanna, agus ba cheart dóibh athrú, forbairt eacnamaíoch agus fás cuimsitheach a spreagadh, a d’fhéadfadh athshlánú agus athbheochan limistéar uirbeach, cósta agus tuaithe a spreagadh. Oibriú i gcomhar leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach, chomh maith le deontóirí agus fondúireachtaí áitiúla agus idirnáisiúnta, tá sí ríthábhachtach chun leas a bhaint as a n-acmhainneacht. Trí thurasóireacht inbhuanaithe agus bainistiú láithreán oidhreachta a chur chun cinn, is féidir le réigiúin a áirithiú go mbeidh a n-oidhreacht ina foinse mharthanach tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta. Is réimsí leasa fhrithpháirtigh fós iad an ealaín, an oidhreacht chultúrtha agus an oidhreacht nádúrtha a chosaint ar chreachadh agus ar gháinneáil (agus cearta ealaíontóirí comhaimseartha a chosaint).
Is féidir le láithreáin oidhreachta cultúrtha agus iarsmalanna a bheith ina spásanna machnaimh agus idirphlé atá oscailte do phobail éagsúla, agus ar an mbealach sin, is féidir leo deiseanna le haghaidh athléimneacht chultúrtha agus comhtháthú cultúrtha a chur ar fáil. Is féidir comhthuiscint, éagsúlacht, cuimsiú, agus forbairt shocheacnamaíoch a chur chun cinn trí na healaíona, ceol, ealaíona traidisiúnta agus ceardaíocht thraidisiúnta, agus scannánaíocht. Cothófar leis an gComhshocrú gníomhaíochtaí lena n-áirítear idirphlé ardleibhéil maidir le comhar cultúrtha a sheoladh, lena ndíreofar freisin ar an oidhreacht chultúrtha.
Trí infheistíocht a dhéanamh sa spórt, neartaítear an comhtháthú, sáraítear deighiltí sóisialta agus cuirtear an cuimsiú chun cinn. De bhreis ar na tairbhí sláinte agus eacnamaíocha, tá ról lárnach aici maidir leis an óige a mhealladh agus muintearas a chothú. Le himeachtaí tábhachtacha spóirt atá ar na bacáin, lena dtugtar le chéile tíortha ar fud an réigiúin, cuirtear deiseanna a bhfuil gealladh fúthu ar fáil le haghaidh comhar réigiúnach agus nascacht inbhuanaithe, agus cuidítear le comhionannas agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn.
Trí idirphlé idir-reiligiúnach a dhoimhniú, rannchuidítear leis an gcomhthuiscint agus le comhar síochánta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna.
Trí thógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus Fís Eorpach, féachfar sa Chomhshocrú ar bhealaí chun an comhar a fheabhsú a thuilleadh, ag cur le tionscnaimh de chuid an Aontais atá ann cheana i réimse an taighde, an chultúir, na hóige agus an spóirt.
|
Tionscnamh Eora-Mheánmhara don chultúr, don spórt agus don turasóireacht
Cothófar leis an tionscnamh líonra ilpháirtithe leasmhara ón earnáil phoiblí agus phríobháideach, ón tsochaí shibhialta, ó oibreoirí turasóireachta agus ó ollscoileanna chun oidhreacht chultúrtha agus earnáil na cruthaitheachta, turasóireacht chultúrtha agus spórt a chur chun cinn, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·An oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a luacháil:
oSásra tiomnaithe a bhunú chun oidhreacht chultúrtha na Meánmhara a chosaint agus a chur chun cinn trí acmhainní poiblí agus príobháideacha a chomhthiomsú.
oConair Chultúrtha na Meánmhara a chruthú chun spás cultúrtha coiteann na Meánmhara a threisiú.
oAn Spás Sonraí Coiteann Eorpach don Oidhreacht Chultúrtha a leathnú chuig comhpháirtithe na Meánmhara Theas, agus é mar chuspóir an digitiú a chur chun cinn agus a n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú.
·Ardán digiteach comhoibríoch ‘CulturIT’ a thógáil chun meaitseáil gníomhaíochtaí cultúrtha a chur chun cinn.
·Rannpháirtíocht i mórimeachtaí cultúrtha a áirithiú agus cónaitheacht a fheabhsú d’ealaíontóirí agus do ghníomhaithe cultúrtha eile, mar shampla trí líonraí réigiúnacha tallainne.
·Rannpháirtíocht a áirithiú i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhFeachtas #BeActive agus Seachtain Eorpach an Spóirt chun feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an spórt don tsláinte choirp agus don mheabhairshláinte.
·Comhoibriú le Cluichí na Meánmhara chun próifíl an imeachta sheanbhunaithe sin a ardú a thuilleadh, go háirithe i measc daoine óga, chun tairbhí an spóirt agus a thionchar dearfach maidir le steiréitíopaí a chomhrac agus cuimsitheacht a chothú a chur chun cinn.
|
I.3 An tsochaí shibhialta, an t-aos óg agus pobail áitiúla a chumhachtú
Tá an tsochaí shibhialta agus na pobail áitiúla fréamhaithe go domhain sa staid ar an láthair. Leis an obair a dhéanann siad - tacú le pobail áitiúla seirbhísí sóisialta agus pobail a sholáthar, feasacht a mhúscailt faoi na príomhdhúshláin shochaíocha, rannpháirtíocht dhaonlathach a fheabhsú, mná agus daoine óga a chumhachtú, agus tacú le litearthacht dhigiteach - rannchuidítear le sochaí atá níos cuimsithí a bhaint amach. Tá siad ríthábhachtach freisin chun feabhas a chur ar chás grúpaí leochaileacha, agus daoine faoi mhíchumas san áireamh.
Is féidir le sochaí shibhialta ghníomhach chumhachtaithe, mar aon le parlaimintí agus institiúidí poiblí, idirphlé áitiúil a éascú, agus is féidir beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr mar gheall uirthi, chun leas na saoránach. Tá timpeallacht rathúil sna meáin ríthábhachtach chun spás plé oscailte cuimsitheach a áirithiú. Mar an gcéanna, trí fhorbairt a chur chun cinn ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil trí chur chuige comhtháite agus rannpháirteach, is féidir tacú le fás cothrom, ar fud na gceantar uirbeach agus tuaithe araon.
Feabhsófar leis an gComhshocrú iarrachtaí chun timpeallacht chumasúcháin a chur chun cinn don tsochaí shibhialta agus cuideofar le pobail áitiúla cur lena n-acmhainneacht a róil a chomhlíonadh go héifeachtach.
|
An tsochaí shibhialta, an t-aos óg agus pobail áitiúla a chumhachtú
Beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh tacú le sochaí shibhialta bhríomhar agus le pobail áitiúla mar spreagthóirí forbartha agus comhtháthaithe shóisialta. Cumhachtófar leis príomhghníomhaithe a bheidh in ann tacú go nithiúil lena bpobail, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Tionól Parlaiminteach na nÓg a bhunú don Mheánmhuir chun guth agus ionchur na hóige a bhailiú.
·Tacú le seirbhís saoránachta na Meánmhara a fhorbairt trí ardán a chruthú atá ceaptha daoine óga ar fud réigiún na Meánmhara a nascadh le réimse éagsúil deiseanna oibre deonaí laistigh dá dtíortha féin agus ar fud an réigiúin araon. Leis an tionscnamh sin, cuirfear le tionscnaimh oibre deonaí agus comhlánófar tionscnaimh soghluaisteachta eile, rud a chothóidh comhthuiscint níos doimhne i measc daoine óga i Spás Coiteann na Meánmhara.
·Eagraíochtaí faoi stiúir ban a chumhachtú mar thionchairí ríthábhachtacha laistigh dá bpobail trí pháirt ghníomhach a thabhairt dóibh i ndearadh agus cur i gcrích tionscnamh ar fud earnálacha éagsúla, amhail uas-sciliú, ardoideachas, agus tacaíocht ghnó. Leis an ngníomhaíocht sin, cuirfear freisin leis an taithí a forbraíodh chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta faoi stiúir ban go háirithe i gceantair tuaithe agus iargúlta.
·Tacaíocht d’eagraíochtaí meán a neartú, trí thionscnaimh fothaithe acmhainneachta a éascú, lena dtugtar deiseanna le haghaidh tionscadail chomhoibríocha agus lena gcothaítear malartú taithí. Neartófar leis an ngníomhaíocht ár gcomhar leanúnach chun tacú le tionchairí óga sa réigiún.
·Sásra comhair a fheabhsú ar an leibhéal áitiúil, arna spreagadh ag cur chuige Chúnant na Méaraí, chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal bardasach do shaoránaigh de gach aois, agus daoine i staideanna leochaileacha san áireamh.
|
II.Geilleagair atá níos láidre, níos inbhuanaithe agus comhtháite
Le caidrimh thrádála níos doimhne agus lánpháirtíocht eacnamaíoch, rannchuidítear le cobhsaíocht agus athléimneacht eacnamaíoch a áirithiú. Tá naisc eacnamaíocha láidre sheanbhunaithe ag an Aontas agus ag comhpháirtithe na Meánmhara Theas, agus tá acmhainneacht ollmhór acu lánpháirtíocht eacnamaíoch margaí ar fud an réigiúin a mhéadú a thuilleadh chun fás inbhuanaithe agus deiseanna fostaíochta a chruthú. Tá ár ngeilleagair comhlántach agus is féidir leo tairbhí móra frithpháirteacha a chur ar fáil.
Beidh rath an Chomhshocraithe ag brath freisin ar an acmhainneacht infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh ar mhórscála. Le Global Gateway sa Mheánmhuir, is féidir borradh a chur faoi infheistíochtaí cliste, glana agus slána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh, athléimneachta uisce, feirmeoireachta nuálaí agus iompair, agus córais sláinte, oideachais agus taighde á neartú i gcomhréir le Comhaontú an Aontais maidir le Tionsclaíocht Ghlan.
II.1. Deiseanna trádála agus infheistíochta
Is é an tAontas an chéad chomhpháirtí trádála de chuid Chomharsanacht an Deiscirt (arbh fhiú é agus 41 % de thrádáil earraí an réigiúin leis an domhan in 2024). Is minic a chuireann comhpháirtithe na Meánmhara Theas in iúl gur gá slabhraí luacha a fhorbairt agus méideanna níos airde d’infheistíochtaí díreacha a mhealladh agus a choinneáil. An tráth céanna, éilíonn trádáil agus infheistíocht timpeallachtaí intuartha, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, cóineasú rialála agus cothrom iomaíochta idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach.
Cuireann an réigiún deiseanna substaintiúla eacnamaíocha agus trádála ar fáil agus a chaipiteal daonna, a chostais iomaíocha fuinnimh in-athnuaite agus iompair, agus a aistriú digiteach luasghéaraithe ina mbonn taca leis na deiseanna sin. Cruthaítear deiseanna nua le hathstruchtúrú na trádála domhanda, toisc gur féidir ról a bheith ag an Meánmhuir Theas in éagsúlú na slabhraí soláthair. Agus an Comhshocrú ag tógáil ar chomhpháirtíochtaí déthaobhacha, rannchuideoidh sé le dlús a chur leis an obair chomhpháirteach chun tírdhreach eacnamaíoch láidir a thógáil, trádáil agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn, agus slabhraí soláthair a chomhtháthú a thuilleadh, mar shampla sna hearnálacha sláinte agus talmhaíochta agus maidir le fuinnimh agus teicneolaíochtaí glana, atá ríthábhachtach chun borradh a chur faoi iomaíochas agus faoi ionchais dícharbónaithe i Spás Coiteann na Meánmhara. Treiseofar leis an gComhshocrú an comhar maidir le hamhábhair chriticiúla chun slabhraí soláthair atá athléimneach, trédhearcach agus inbhuanaithe a áirithiú sna príomhearnálacha, amhail leasacháin.
|
An caidreamh trádála agus infheistíochta a nuachóiriú agus a neartú ar mhaithe le fás níos cuimsithí, níos athléimní agus níos inbhuanaithe
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh acmhainneacht comhaontuithe trádála atá ann cheana féin a ghiaráil agus a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh nua chun lánpháirtíocht eacnamaíoch a neartú, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Tacú le caidrimh dhéthaobhacha thrádála a nuachóiriú ar bhealach níos solúbtha agus níos spriocdhírithe, trí chineálacha nua rannpháirtíochta i bpríomhearnálacha leasa fhrithpháirtigh, agus cur chun feidhme éifeachtach gealltanas á áirithiú an tráth céanna chun bacainní neamhtharaife ar thrádáil a bhaint, d’fhonn intuarthacht a mhéadú agus muinín infheisteoirí a chothú.
·Comhaontuithe lena n-éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe a fhiosrú le páirtithe leasmhara chun infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh.
Leis an tionscnamh, cuirfear infheistíocht chun cinn agus meallfar í chun tacú le geilleagair nuálacha agus dhigiteacha, agus chun feabhas a chur ar chomhcheangal shlabhra an tsoláthair, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus infheistíochta, ar chóineasú rialála, agus ar shimpliú nósanna imeachta custaim, mar shampla trí chúnamh teicniúil chun tacú le hathchóirithe eacnamaíocha na dtíortha comhpháirtíochta.
·Ardáin infheistíochta náisiúnta agus téamaí a uas-scálú, lena dtugtar le chéile an earnáil phríobháideach, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus institiúidí náisiúnta airgeadais.
|
II.2. Éiceachórais gnólachtaí nuathionscanta a ghiaráil
D’ainneoin go leor dúshláin struchtúracha, tá méadú tagtha ar ghníomhaíocht fiontraíochta i réigiún na Meánmhara Theas, rud atá ag brath ar dhaonra óg atá eolach ar an teicneolaíocht agus ar spéis infheisteoirí atá ag dul i méid. Tá éagsúlú agus claochlú struchtúrach an gheilleagair ag tarlú de réir a chéile ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ceantair uirbeacha agus thuaithe araon, rud a chruthaíonn deiseanna nua chun slabhraí luacha náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt agus comhlántacht don chomhtháthú eacnamaíoch á méadú ag an am céanna. Chun leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht sin, tá sé fíor-riachtanach tacú le táirgeadh áitiúil agus le gnólachtaí áitiúla, cuir i gcás sa talmhaíocht. Chuige sin, beidh gá le tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar ról na fiontraíochta sóisialta áitiúla agus na samhlacha malartacha gnó mar phríomhspreagthóirí don fhás eacnamaíoch cuimsitheach agus inbhuanaithe.
|
StartUp4Med
Leis an tionscnamh, bainfear leas as acmhainneacht fáis agus cruthaithe post na ngnólachtaí nuathionscanta, agus na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (MFBManna), rud a chuirfidh deiseanna ar fáil chun rannpháirtíocht eacnamaíoch a leathnú, go háirithe don óige agus do mhná. Bunófar leis naisc le sásraí earnála atá ann cheana agus beidh sé ailínithe le Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá i mbun Fáis. Bainfear é sin amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Sásra tacaíochta réigiúnach do ghnólachtaí nuathionscanta a bhunú chun rochtain ar mhaoiniú agus ar shlógadh infheistíochta a fheabhsú. Trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, slógfar institiúidí airgeadais Eorpacha i gcomhcheangal le bealaí maoiniúcháin malartacha, amhail iasachtaí onóra, sluachistiú, agus maoiniú cumaiscthe.
·Clár ‘Oscailte don Ghnó’ a bhunú atá dírithe ar an earnáil phríobháideach chun réimsí imní a shainaithint agus chun simpliú dlíthiúil agus rialála a éascú.
·Bosca Uirlisí Beartais a fhorbairt chun cur ar bhonn foirmiúil MFBManna a chur chun cinn, mar shampla trí nósanna imeachta riaracháin simplithe, dreasachtaí airgid, agus nascairí cosanta sóisialta. Bainfidh micrifhiontraithe neamhfhoirmiúla tairbhe as tacaíocht spriocdhírithe amhail cóitseáil, cabhair dhlíthiúil agus deimhniú scileanna.
|
II.3. Bonneagar digiteach agus cibearshlándáil
Tá geilleagair agus sochaithe á n-athmhúnlú mar gheall ar an réabhlóid dhigiteach agus Intleachta Saorga (IS). Tá dreasacht láidir ann chun comhpháirtíocht a dhéanamh sa réimse sin chun leas a bhaint as acmhainneacht na réiteach digiteach, sonraí agus intleachta saorga chun iomaíochas agus éifeachtúlacht ár ngeilleagar agus ár sochaithe a fheabhsú, agus slándáil, ceannasacht agus ailíniú le croíluachanna, cearta an duine agus prionsabail an dea-rialachais á n-áirithiú an tráth céanna.
Is sprioc bhunúsach é fíor-idirnascacht a bhaint amach trí bhonneagair dhigiteacha shlána iontaofa ar fud na Meánmhara, ní hamháin chun ár ngeilleagair agus ár saoránaigh a thabhairt níos gaire dá chéile ach freisin chun slándáil choiteann agus cumarsáide gan uaim a mhéadú freisin. Tá sreafaí sonraí ríthábhachtach don fhorbairt eacnamaíoch agus shochaíoch agus cuirfidh siad deiseanna nua ar fáil do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ar fud na Meánmhara.
Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach rochtain ar sheirbhísí poiblí ar líne a fheabhsú, réitigh ríomhrialachais agus bonneagair phoiblí dhigitigh (BPD) a chur chun cinn, bonneagar criticiúil a dhaingniú, rialachas digiteach agus rialacháin dhigiteacha a fheabhsú agus cearta digiteacha a chosaint.
Le hinfhaighteacht sonraí agus faisnéise oscailte trí chórais spáis atá faoi úinéireacht an Aontais, amhail Copernicus, arna gcumasú ag bonneagair dhigiteacha, is féidir rannchuidiú le deiseanna gnó sa réigiún a mhéadú.
|
Tairiscint Ghnó um Theicneolaíocht AE le haghaidh geilleagair chomhtháite dhigiteacha agus sonraí
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh tairiscint ghnó um theicneolaíocht AE a chur chun tosaigh le haghaidh chomhpháirtithe na Meánmhara Theas, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Tacú le bonneagar digiteach slán iontaofa a chur i bhfeidhm i réimsí na gcóras cáblaí fomhuirí, na líonraí 5G, na nascachta leathanbhanda tuaithe, agus bhonneagair na lárionad sonraí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
oNa tíortha leasmhara uile sa réigiún a nascadh le chéile trí chórais cáblaí fomhuirí amhail Medusa agus Blue-Raman, agus an fhéidearthacht a bheith ann é a leathnú chuig comhpháirtithe na Murascaille. Leis sin, éascófar malartú slán gan uaim sonraí, cuir i gcás trí idirnaisc le tionscnaimh atá ann cheana amhail an Chonair Dhigiteach idir an tAontas, an Afraic agus an India, agus í á nascadh leis an gConair Eacnamaíoch idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip agus an Tionscnamh um Chomhar Tras-Mheánmhuirí i leith Fuinnimh In-athnuaite agus Teicneolaíocht Ghlan freisin.
oTacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil chun 5G agus lárionaid sonraí shlána iontaofa a chur i bhfeidhm sa réigiún trí pháirt a thabhairt d’institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, d’institiúidí airgeadais an Aontais agus d’institiúidí náisiúnta airgeadais, i gcomhréir le Bosca Uirlisí 5G agus le reachtaíocht ábhartha eile agus í á soláthar ag soláthróirí iontaofa.
·Clár réigiúnach fothaithe acmhainneachta teileachumarsáide a sheoladh agus féachaint ar an leas is fearr is féidir a bhaint as creataí teileachumarsáide iomchuí, agus comhar maidir le fánaíocht san áireamh, i measc chomhpháirtithe leasmhara na Meánmhara Theas.
·Cur le samhail Mhoil Nuálaíochta Digití an Aontais agus monarchana IS an Aontais, dlús a chur le forbairt éiceachórais IS, lena n-áirítear cur i bhfeidhm bhonneagar na hintleachta saorga agus bonneagair sonraí agus tacaíochta d’ollscoileanna, do FBManna, don earnáil thionsclaíoch agus do ghnólachtaí nuathionscanta chun IS a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm in earnálacha éagsúla amhail an mhonaraíocht, an cúram sláinte, an talmhaíocht, nó an aeráid.
·Saineolas agus réitigh nithiúla r-rialachais a chomhroinnt i réimsí na gcéannachtaí digiteacha agus an bhonneagair dhigitigh phoiblí (BPD) tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
oÚsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe foinse oscailte, céannacht dhigiteach, agus réitigh BPD atá slán agus comhlíontach le cosaint sonraí.
oMalartuithe trasteorann rialtais agus gnó a shimpliú agus soghluaisteacht saoránach a éascú an tráth céanna.
·Malartuithe teicniúla agus comhar maidir leis an gcibearshlándáil a mhéadú, cuir i gcás chun tacú leis an acmhainneacht bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh.
|
II.4. Infheistíocht a dhéanamh san fhuinneamh in-athnuaite agus sa teicneolaíocht ghlan
Is teophointe athraithe aeráide agus éiceolaíochta í an Mheánmhuir, atá i mbaol ó dhúshláin agus brúnna comhshaoil atá ag dul i méid. Leagfar amach sa Chomhshocrú clár oibre coiteann chun leas a bhaint as acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite na Meánmhara Theas agus chun tairbhe thriarach a bhaint amach: dlús a chur leis an dícharbónú réigiúnach, feabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh agus feabhas a chur ar an iomaíochas tionsclaíoch. Tá aistriú i dtreo samhail fuinnimh atá éifeachtúil, iontaofa agus inbhuanaithe fíor-riachtanach don réigiún. I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, tá tairbhí móra socheacnamaíocha ag baint le geilleagar ciorclach atá tíosach ar acmhainní, lena n-áirítear forbairt fuinnimh in-athnuaite agus monaraíocht teicneolaíochta glaine, agus meallann sé infheistíocht dhíreach choigríche. Saothrófar na cuspóirí sin trí chreataí trádála déthaobhacha solúbtha nuachóirithe agus trí chineálacha nua rannpháirtíochta amhail comhaontuithe um infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus comhpháirtíochtaí maidir le trádáil agus infheistíocht ghlan i gcomhthéacs an Tionscnaimh um Chomhar Tras-Mheánmhuirí i leith Fuinnimh In-athnuaite agus Teicneolaíocht Ghlan. Forbrófar é sin freisin trí chomhar níos láidre le comhpháirtithe na Murascaille, agus leis an Afraic Fho-Shahárach.
|
Tionscnamh um Chomhar Tras-Mheánmhuirí i leith Fuinnimh In-athnuaite agus Teicneolaíocht Ghlan (T-MED)
Tacóidh an tionscnamh le comhar tras-Mheánmhara a rachaidh chun tairbhe do gach aon chomhpháirtí trí aistriú fuinnimh intíre agus forbairtí teicneolaíochta glaine a chur chun cinn i gcomhpháirtithe na Meánmhara Theas, agus deiseanna eacnamaíocha á gcruthú agus trádáil fuinnimh in-athnuaite agus comhpháirtíochtaí tionsclaíocha ar fud an réigiúin á n-éascú an tráth céanna, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Ardán Infheistíochta T-MED a bhunú, a bheidh ina uirlis chomhordúcháin chun píblíne tionscadal a fhorbairt maidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite, bonneagar eangaí, lena n-áirítear eangacha tarchurtha agus dáileacháin intíre i gcomhpháirtithe na Meánmhara Theas, a bhaineann le Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh arna sainaithint de bhun Rialachán GTE-F, agus monaraíocht teicneolaíochta glaine. Leis an ardán, tabharfar le chéile tionscnóirí tionscadail, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, institiúid airgeadais an Aontais agus institiúidí náisiúnta airgeadais, ionstraim airgeadais an Aontais agus infheisteoirí príobháideacha chun infheistíocht mhórscála a spreagadh agus béim á leagan ar réitigh chumaisc agus dí-rioscaithe.
·Sásra rialála tiomnaithe a chruthú chun tacú le comhpháirtithe na Meánmhara Theas athchóirithe spriocdhírithe rialála agus athchóirithe a bhaineann go sonrach leis an earnáil fuinnimh a chur chun feidhme atá nasctha le hullmhacht infheistíochta agus rochtain a fháil ar ionstraimí airgeadais an Aontais.
·Córais fuinnimh a shamhaltú chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, inbhuanaitheachta agus slándála a bhaineann le foinsí inathnuaite fuinnimh a threá a thuilleadh chomh maith le tionscadail nua bonneagair fuinnimh don réigiún.
·Rochtain a thabhairt ar Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, a fheidhmeoidh mar thairseach ilfhreastail le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, leictriú, agus cúnamh teicniúil a bhaineann le teicneolaíocht ghlan.
·Clár deimhniúcháin agus tacaíochta le haghaidh trádáil fuinnimh in-athnuaite a bhunú chun gur féidir trádáil trasteorann a dhéanamh sa leictreachas in-athnuaite agus sa hidrigin in-athnuaite. Seolfar lámhleabhar praiticiúil chun cur chun feidhme scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna píolótacha trasteorann Ráthaíochtaí Tionscnaimh a threorú.
·Borradh a chur faoin gcomhar tionsclaíoch sa teicneolaíocht ghlan chun comhpháirtíochtaí tionsclaíocha láidre a chothú idir cuideachtaí Eorpacha agus cuideachtaí na Meánmhara Theas ar fud slabhraí luacha criticiúla. Féadfar a áireamh air sin fuinneamh gréine agus gaoithe, leictrealóirí agus táirgeadh hidrigine glaine, chomh maith le teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe, teicneolaíochtaí eangaí agus stórála, teaschaidéil agus teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh sna hearnálacha tionsclaíocha agus tógála.
·Tacú le heagraíochtaí gnó fuinnimh Eorpaigh agus teicneolaíochta glaine tírshonracha a bhunú ar an láthair. Is féidir é sin a dhéanamh i gcomhar leis an Líonra Fiontar Eorpach agus le braislí tionsclaíocha Eorpacha. Bunófar ardán tiomnaithe le haghaidh páirtithe leasmhara chun earnálacha tosaíochta a shainaithint, pleananna gníomhaíochta cuimsitheacha atá freagrúil ó thaobh inscne de a fhorbairt, agus páirt ghníomhach a thabhairt d’earnáil phríobháideach an Aontais. Beidh ról lárnach ag an ardán sin freisin maidir deiseanna comh-infheistíochta a éascú agus comhaontuithe ceannaithe táirgí a chaibidliú, ar comhaontuithe iad atá ina mbonn faoin gcomhar fadtéarmach i sineirge agus i gcomhlántacht le hArdán Fuinnimh agus Amhábhar an Aontais.
·Clár Oibre Scileanna T-MED a fhorbairt a bheidh ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa lucht saothair agus ar an neamhionannas inscne agus oiliúint a ailíniú le riachtanais na hearnála tionsclaíche agus fostóirí.
|
II.5 I dtreo Meánmhuir inbhuanaithe athléimneach
Déanann an t-athrú aeráide, an truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta difear mór do réigiún na Meánmhara agus dá athléimneacht. Is deis é an t-aistriú i dtreo fuinneamh glan freisin chun borradh a chur faoin iomaíochas inbhuanaithe sa réigiún. Leis an gComhshocrú, beifear in ann leas a bhaint as na tairbhí a eascraíonn as an aistriú sin, agus aghaidh á tabhairt an tráth céanna ar thionchair an athraithe aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil, cuir i gcás faoi chuimsiú Conradh Domhanda a d’fhéadfadh a bheith ann in aghaidh truailliú plaisteach. Tabharfar aghaidh sa Chomhshocrú freisin ar leochaileacht an réigiúin i leith an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil trí thacú le pleanáil éifeachtach agus slógadh sruthanna cistiúcháin atá ar fáil le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe, idir infheistíochtaí idirnáisiúnta agus intíre, príobháideacha agus poiblí.
|
Comhpháirtíocht le haghaidh aistriú glan, fás inbhuanaithe agus athléimneachta
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh tacú leis an gcomhar réigiúnach agus le comhpháirtíochtaí áitiúla maidir leis an gcomhshaol, mar shampla i gcomhthéacs Choinbhinsiún Barcelona, agus maidir leis an aeráid chun an t-aistriú i dtreo fuinneamh glan agus forbairt eacnamaíoch atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a bhrú ar aghaidh, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe leasmhara na Meánmhara Theas maidir le réitigh aeráide, trí idirphlé agus trí chomhroinnt eolais a chur chun cinn chomh maith le cúnamh teicniúil spriocdhírithe a chur ar fáil maidir le hionstraimí maolaithe aeráide, lena n-áirítear praghsáil carbóin.
·Píblínte infheistíochta um oiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt trí acmhainneachtaí náisiúnta agus áitiúla a neartú chun tionscadail a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, cistí aeráide agus páirtithe leasmhara príobháideacha á ngiaráil ag an am céanna.
·Plean réigiúnach a bhunú chun infheistíochtaí i gcóireáil fuíolluisce nua-aimseartha agus i mbainistiú dramhaíola soladaí a éascú.
·Comhpháirtíochtaí nua maidir le hAthléimneacht Uisce a sheoladh chun comhar a neartú maidir le bainistiú comhtháite acmhainní uisce, go háirithe athúsáid uisce.
·An tionscnamh ‘Glasaímis Romhainn’ a threisiú, lena gcumhachtaítear FBManna go háirithe, chun geilleagar ciorclach agus éifeachtúlacht acmhainne a chur chun cinn, deireadh a chur le plaistigh aon úsáide, tacú leis an mbithgheilleagar agus idirphlé rialaitheach maidir le ciorclaíocht a chur chun cinn, cuir i gcás maidir le teicstílí.
·Tacú le cur chun feidhme comhpháirteach an Chreata Dhomhanda Bithéagsúlachta, go háirithe cur chun feidhme na Straitéisí agus Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta Bithéagsúlachta, agus limistéir faoi chosaint a chruthú, a leathnú amach agus a bhainistiú, go háirithe sna limistéir mhuirí faoi chosaint.
|
II.6. Geilleagar Gorm inbhuanaithe a chur chun cinn
Coinníonn an Mheánmhuir na milliúin slí bheatha ar bun ach tá an brú comhshaoil agus eacnamaíoch ag dul i méid. Cothófar leis an gComhshocrú geilleagar gorm atá cothrom, inbhuanaithe agus iomaíoch i gcomhréir leis an gComhshocrú Eorpach um an Aigéan, mar shampla faoi chuimsiú an chéad Dearbhaithe Aireachta MedFish4ever eile, lena múnlaítear an chéad Choimisiún Ginearálta Iascaigh eile don Mheánmhuir (CGIM) tar éis 2027. Thairis sin, i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce, neartófar leis an gComhshocrú rialachas uisce agus cuirfear chun cinn leis úsáid éifeachtúil inbhuanaithe uisce tríd an nasc idir uisce, fuinneamh, bia agus éiceachórais.
|
Tionscnamh Sláinte agus Saibhris na Meánmhara Goirme
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh acmhainní nádúrtha éiceachórais na Meánmhara a athbhunú, a hathléimneacht a neartú, inbhuanaitheacht iascaigh agus cleachtas dobharshaothraithe agus rialachas iascaigh idirnáisiúnta a fheabhsú, chomh maith le borradh a chur faoi nuálaíocht teicneolaíochta goirme, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Tacú le hinfheistíochtaí i réitigh inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm trí Chomhpháirtíocht na Meánmhara Goirme agus tríd an ardán BlueInvest.
·An Pobal Cleachtais le haghaidh Gheilleagar Gorm an Aontais a sheoladh chun treoraíocht a chur ar fáil bunaithe ar bhailiú sonraí, forbairt caighdeán sonraí, modheolaíochtaí, agus anailís agus taighde.
·Taidhleoireacht maidir leis na haigéin a fheabhsú chun oibriú i gcomhar le comhpháirtithe na Meánmhara Theas chun comhlíonadh caighdeán rialachais a chur chun cinn agus feabhas a chur ar chreataí dlíthiúla a bhaineann le bainistiú réigiúnach iascaigh.
·Tionscadal nua a fhorbairt chun cumais rialaithe agus cigireachta na stát cósta a mhéadú d’fhonn rialachas réigiúnach iascaigh a fheabhsú agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac trí fhothú acmhainneachta, san fhaireachán, sa rialú agus san fhaireachas.
·Comhar réigiúnach a neartú chun úsáid níos comhleanúnaí agus níos inbhuanaithe an spáis mhuirí a áirithiú trí phleanáil spásúil mhuirí, mar chumasóir le haghaidh chosaint an dúlra agus cómhaireachtáil gníomhaíochtaí ar muir.
·An tionscnamh ‘Ón Uisce go dtí an Margadh’ a sheoladh, chun tacú le táirgeoirí, comharchumainn agus comhlachais san earnáil uisceach chun breisluach a dtáirgthe a leathnú, próiseáil a fheabhsú agus margadh nua a shroicheadh, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú agus ar infheistíocht.
·Taighde agus nuálaíocht chomhpháirteach a neartú maidir leis an nasc idir uisce, fuinneamh, bia agus éiceachórais, ag tógáil ar PRIMA.
·‘Misean na Meánmhara Goirme’ a uas-scálú le haghaidh athchóirithe agus athléimneachta, agus leis sin réitigh thaighde agus nuálaíochta a sholáthar chun éiceachórais agus bithéagsúlacht na Meánmhara agus an uisce a athbhunú, stop a chur le truailliú ar muir agus ó fhoinsí talamhbhunaithe, torann na n-aigéan a laghdú, athléimneacht aeráide agus uisce a mhéadú, agus pobail chósta a ullmhú le haghaidh teagmhais fhoircneacha.
|
II.7. Iompar inbhuanaithe agus nascacht mhéadaithe
Tá réigiún dea-nasctha ríthábhachtach chun tacú le trádáil agus le hearnálacha atá ag teacht chun cinn agus, an tráth céanna, borradh a chur faoi dhícharbónú gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Is minic a bhíonn tionchar diúltach ag ilroinnt iompair agus rialála, tearcinfheistíocht agus easpa acmhainneachta pleanála ar Spás Coiteann na Meánmhara. Tá impleachtaí móra ag an méid sin le haghaidh soghluaisteacht trasteorann daoine, earraí agus seirbhísí. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainne agus ar mhí-ailíniú rialála i réimsí an chustaim, na héifeachtúlachta, na sábháilteachta, na slándála agus na gcaighdeán comhshaoil. Leis sin, beidh sé níos éasca an cuspóir a bhaint amach maidir le Gréasán Tras-Eorpach Iompair an Aontais (GTE-I) a leathnú agus, i gcás inarb ábhartha, nascacht le réigiúin chomharsanachta a mhéadú a thuilleadh, amhail an Mhurascaill agus níos faide i gcéin. Go háirithe, dá ndéanfaí an Conair Eacnamaíoch idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip a chomhordú agus a leathnú a thuilleadh, chuirfí feabhas ar iompar iontaofa agus nascacht dhigiteach shlán sa Mheánmhuir, agus chuirfí le slándáil eacnamaíoch an réigiúin an tráth céanna.
|
Iompar inbhuanaithe le haghaidh réigiún atá nasctha ar bhealach níos fearr
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh réitigh iompair iontaofa inbhuanaithe a chur ar fáil, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Dlús a chur le hiarrachtaí comhpháirteacha chun táirgeadh agus glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin le haghaidh iompair (iompar muirí agus an eitlíocht), i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i rialacháin an Aontais maidir le Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe, maidir le Breoslaí Muirí Inbhuanaithe agus sa Straitéis Eorpach um Chalafoirt. Áireofar air sin freisin féachaint le cleachtais inbhuanaithe a ailíniú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta (EESI, IMO), agus ar an gcaoi sin tacú freisin leis na gníomhaithe sa Mheánmhuir ina n-iarrachtaí truailliú ó longa a chosc chomh maith le hiarrachtaí comhair a spreagadh trí na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha chun Spás Comhchoiteann na Meánmhara atá glan, slán agus sábháilte a chothú.
·Feabhas a chur ar an nascacht ar fud an réigiúin trí naisc iompair ilmhódaigh a leathnú agus trí idir-inoibritheacht fheabhsaithe agus ailíniú rialála, agus ar an gcaoi sin dul chun cinn a dhéanamh i dtreo TEN-T a leathnú chuig tíortha na Meánmhara Theas agus nascadh freisin le EESI, T-MED agus an Afraic Fho-Shahárach. Trí chalafoirt a nascadh le modhanna iompair ísealcharbóin eile, beifear in ann moil chósta a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le margaí intíre. Is féidir ailíniú rialála feabhsaithe a áirithiú trí thacú le tionscadail cúnaimh theicniúil agus trí idirphlé beartais feabhsaithe.
·Nascacht aeir a fheabhsú, i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil, trí obair leanúnach a dhéanamh ar chomhaontuithe aeriompair atá ann cheana nó ar chomhaontuithe aeriompair nua ar leibhéal an Aontais le comhpháirtithe na Meánmhara Theas agus trí thacú le margadh aonair iompair eitlíochta na hAfraice.
·Tacú le tionscadail soghluaisteachta uirbeacha agus tuaithe le saineolas agus teicneolaíocht an Aontais chun na hiarrachtaí a dhéantar ar iompar ilmhódach a chomhlánú trí choincheap na nód uirbeach TEN-T a chur chun feidhme agus chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn – mar shampla trí oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide – agus chun an cháilíocht mhaireachtála a chur chun cinn sna cathracha sa Mheánmhuir a bhfuil méadú ag teacht orthu go tapa.
|
II.8. Ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise agus comhroinnt eolais
Tá sé ríthábhachtach i gcónaí ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise agus comhroinnt eolais a chur chun cinn. Go háirithe, le córas Copernicus an Aontais cuirtear seirbhísí ar fáil maidir le staid chomhshaol an Domhain, bunaithe ar bheartas sonraí atá saor in aisce, iomlán agus oscailte agus, ar an gcaoi sin, is féidir leis tacú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise. Sa bhreis air sin, tá infhaighteacht staidrimh agus sonraí oifigiúla ábhartha agus inchomparáide fíor-riachtanach le haghaidh cinnteoireacht agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.
|
Comhroinnt eolais agus staidreamh le haghaidh cinnteoireacht níos fearr
Is é is aidhm don tionscnamh feabhas a chur ar staidreamh, comhroinnt eolais agus comhroinnt sonraí idir an tAontas agus comhpháirtithe na Meánmhara Theas, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Sásra ad hoc a bhunú chun faisnéis a mhalartú agus measúnú a dhéanamh ar thionchair trasteorann na reachtaíochta ábhartha.
·Comhar a fhorbairt a thuilleadh le hInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta thíortha na Meánmhara Theas chun staidreamh agus sonraí oifigiúla ábhartha agus inchomparáide a sholáthar maidir leis na réimsí a chumhdaítear leis na trí cholún den Chomhshocrú.
·Dea-chleachtais agus taithí a chomhroinnt, foinsí nua sonraí agus teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid, lena n-áirítear an intleacht shaorga, chun léargais staidrimh nua agus uirlisí staidrimh ábhartha a fhorbairt.
·Nuálaíocht san earnáil phoiblí a chothú trí bheith ag brath ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil ó chórais spáis an Aontais chun cinntí atá bunaithe ar fhianaise a ullmhú i roinnt mhaith de na réimsí a chumhdaítear leis an gComhshocrú.
|
III.Slándáil, ullmhacht agus bainistiú imirce
Tá dúshláin le sárú ag Spás Coiteann na Meánmhara a bhaineann leis an tslándáil, le guaiseacha nádúrtha agus antrapaigineacha, leis an imirce neamhdhleathach agus le bainistiú teorainneacha. Cruthaíonn éagobhsaíocht sna teophointí réigiúnacha neamhshláine, rud a chuireann brú ar athléimneacht na sochaithe.
Agus méadú ag teacht ar bhrúnna teorann, ar an gcoireacht trasteorann agus ar dhúshláin choiteanna a eascraíonn as an imirce neamhdhleathach feadh na bpríomhbhealaí, tá gá le hiarrachtaí comhordaithe chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, agus cineálacha cur chuige atá sábháilte, ordúil agus bunaithe ar chearta an duine á n-áirithiú an tráth céanna, ar cineálacha cur chuige iad lena n-áirithítear cosaint chearta na n-imirceach agus na ndídeanaithe agus lena gcuirtear conairí soghluaisteachta chun cinn, agus, an tráth céanna, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna idirnasctha sin, tá gá le comhar marthanach comhoibríoch chun cobhsaíocht agus rathúnas a chothú ar fud an réigiúin.
III.1. An tsíocháin agus an tslándáil
Tá dianbhrú ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe. Chomh maith le bagairtí traidisiúnta amhail an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach, agus an choireacht eagraithe, tá bagairtí nua trasteorann ag teacht chun cinn, amhail an chibirionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis – go minic mar chuid d’fheachtais hibrideacha níos leithne – nó radacú mionaoiseach agus aosach óg. Le saothrú méadaithe an réimse mhuirí, nochtar leochaileachtaí nua, bíodh na rioscaí a bhaineann le cleachtais loingseoireachta faoi bhun caighdeáin nó tábhacht mhéadaitheach an bhonneagair mhuirí i gceist.
Tá na bagairtí sin i measc na ndúshlán coiteann slándála is tromchúisí agus is casta. Ní mór don Aontas agus do chomhpháirtithe na Meánmhara Theas teagmháil níos dlúithe a dhéanamh le chéile agus athléimneacht a chothú, i gcomhréir freisin le gealltanais Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh.
Beidh sé d’aidhm ag an gComhshocrú comhthuiscint a bhaint amach ar thírdhreacha slándála réigiúnacha agus idirnáisiúnta, comhar a chothú, lena n-áirítear comhar maidir le réimsí amhail an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac, teacht timpeall ar smachtbhannaí an Aontais, an slándáil mhuirí, athléimneacht an bhonneagair chriticiúil, bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí, an ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, fothú na hacmhainneachta cosanta, an idirghabháil síochána, agus an réiteach coinbhleachta.
Sa Mheánmhuir, tá ról lárnach ag misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais, go háirithe Oibríocht IRINI agus Misean Cúnaimh an Aontais um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya), maidir le comhar leis an Libia a chothú, feabhas a chur ar chobhsaíocht réigiúnach chun trádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia a chur chun feidhme, gáinneáil aindleathach agus smuigleáil daoine a chomhrac. Lasmuigh den Mheánmhuir, tacaíonn an tAontas lena chomhpháirtithe sa réigiún trí mhisin shibhialta agus mhíleata CBSC.
|
Tionscnamh Síochána agus Slándála idir an tAontas agus an Mheánmhuir
Tacóidh an tionscnamh le cur chuige comhordaithe i leith ábhair nithiúla síochána agus slándála, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Fóram réigiúnach a bhunú don Aontas Eorpach agus do thíortha na Meánmhara Theas maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil. D’fhéadfadh an fóram cúinsí neamhfhoirmiúla a sholáthar chun feasacht staide réigiúnach chomhpháirteach a chothú, tuairimí a roinnt agus cineálacha cur chuige a chomhordú maidir le saincheisteanna leasa choitinn, amhail staid na slándála réigiúnaí agus gníomhaíochtaí síochána agus slándála lena mbaineann, lena n-áirítear idirghabháil síochána, agus chun tacaíocht fhéideartha a shainaithint d’fhonn cumais na gcomhpháirtithe a neartú.
·Idirphlé agus comhairliúcháin thiomnaithe maidir leis an tsíocháin, an tslándáil agus an chosaint a chur chun cinn le comhpháirtithe na Meánmhara Theas.
·Féachaint an bhféadfaí rannchuidiú le misin agus oibríochtaí CBSC ó chomhpháirtithe na Meánmhara Theas, go háirithe trí chreat-chomhaontuithe rannpháirtíochta nua.
·Cumais na gcomhpháirtithe a neartú, lena n-áirítear na cumais sin a neartú trí bhearta cúnaimh na Saoráide Eorpaí Síochána (SES), agus comhordú agus sineirgí breise le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais agus ECAT.
·Oiliúint faoi choimirce an Choláiste Eorpaigh um Shlándáil agus um Chosaint, mar shampla i réimse an chomhshaoil athraithe aeráide, agus na síochána, na slándála agus na cosanta.
·An úsáid a bhaintear as an mBosca Uirlisí Faisnéise Foinse Oscailte a leathnú chun an ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis atá dírithe ar bhréagaisnéis atá bunaithe ar an bhféiniúlacht a bhrath agus a anailísiú agus feasacht staide a mhéadú chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar shainiúlachtaí na hionramhála agus an chur isteach eachtraigh ar fhaisnéis sa réigiún.
·Idirphlé a bhunú le comhpháirtithe na Meánmhara Theas maidir le slándáil cáblaí fomhuirí, agus i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí maidir le bearta braite, freagartha agus téarnaimh.
·Comhar a mhéadú maidir le bagairtí ar an tslándáil mhuirí, amhail loingseoireacht faoi bhun caighdeáin agus cleachtais loingseoireachta rioscúla, mar shampla, mar chuid den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.
·Feabhas a chur ar mhalartuithe agus ar chomhar maidir le hantoisceachas foréigneach a chosc faoi thionscnaimh dhomhanda ábhartha, lena n-áirítear Creat Mhol Eolais an Aontais Eorpaigh maidir le radacú a chosc.
·Malartuithe trasréigiúnacha a éascú idir an tAontas agus réigiún na Meánmhara Theas maidir le cibircheisteanna agus saincheisteanna sláinte.
·Feabhas a chur ar an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta trí aghaidh a thabhairt ar theacht timpeall ar smachtbhannaí agus ar na rioscaí muirí, comhshaoil agus iomaíochta a bhaineann le loingseoireacht faoi bhun an chaighdeáin agus cleachtais loingseoireachta rioscúla.
|
III.2. Ullmhacht réigiúnach a mhéadú
Chun Spás Coiteann na Meánmhara slán a thógáil, is gá ullmhacht an réigiúin a mhéadú do thubaistí agus do ghuaiseacha nádúrtha agus antrapaigineacha araon. I réigiún atá ag téamh 20 % níos tapúla ná an meán domhanda, meastar go méadóidh an t-athrú aeráide an timpeallacht riosca atá ann faoi láthair, ag gníomhú mar iolraitheoir bagairtí agus as a dtiocfaidh tubaistí níos minice agus níos déine a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol agus ar chórais shocheacnamaíocha araon, go háirithe pobail chósta agus oileánacha.
Tá falscaithe, triomaigh, ganntanas uisce chomh maith le tuilte agus teagmhais adhaimsire ag cur isteach cheana féin ar shláinte ithreach agus ar shlándáil bia, arb iad na príomhthosca iad don chobhsaíocht pholaitiúil agus don chomhtháthú sóisialta sa réigiún. Tá ról tábhachtach ag talmhaíocht nuálach maidir le feabhas a chur ar an ullmhacht do thubaistí agus do ghuaiseacha nádúrtha agus antrapaigineacha.
Leis an riosca maidir le guaiseacha a bhaineann leis an tsláinte, leagtar béim ar a ríthábhachtaí atá sé bearta slándála sláinte a neartú chun athléimneacht in aghaidh bagairtí atá ag teacht chun cinn a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, chomh maith le cultúr ullmhachta trí dhearadh a fhorbairt, is tosaíocht i gcónaí é cumas na gcomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha freagairt d’imeachtaí gan choinne agus an comhar eatarthu a neartú, agus cosc dálaí adhaimsire a mhéadú agus sásraí um fhreagairt chomhpháirteach ar dhálaí adhaimsire a mhéadú, lena n-áirítear tuilte agus triomaigh, i gcomhréir le Straitéis Ullmhachta an Aontais a glacadh le déanaí. De réir ‘cur chuige uile-rialtais’ agus ‘cur chuige uile-shochaí’, tá dílárú éifeachtach agus naisc le húdaráis áitiúla, mar aon le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, fíor-riachtanach chun freagairtí prasa a áirithiú, eolas áitiúil a ghiaráil agus athléimneacht phobalbhunaithe a chothú.
|
Ullmhacht na Meánmhara do Thubaistí
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh feabhas a chur ar an ullmhacht réigiúnach agus cumais freagartha a neartú ar fud Spás Coiteann na Meánmhara trí chur chuige uile-ghuaise. Bainfear seo amach, go háirithe, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh::
·Tacú le córas luathrabhaidh uile-ghuaise a fhorbairt lena gcuirfear leis na huirlisí atá ann cheana (e.g. seirbhís bainistithe práinne Copernicus) i gcomhréir leis an tionscnamh ‘Luathrabhaidh do Chách’ agus le spriocanna an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta maidir le hathléimneacht ó thubaistí atá nasctha le straitéisí réamhghníomhaíochta.
·Tacú le hullmhacht slándála bia, ag cur le samhail an tSásra Eorpaigh um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia.
·An t‑idirphlé déthaobhach maidir leis an mbeartas talmhaíochta atá ann cheana a threisiú agus idirphlé nua comhpháirtíochta maidir le beartas agraibhia a bhunú le comhpháirtithe dheisceart na Meánmhara i gcomhréir leis an bhFís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia.
·Sineirgí maidir le hullmhacht do thubaistí a neartú leis an Tionscnamh maidir le hIonaid Barr Feabhais AE chun riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach a mhaolú, trí oiliúint agus cleachtaí ionsamhlúcháin, trí dhea-chleachtas a chomhroinnt agus trí fheasacht a mhéadú.
·Comhar sa chosaint shibhialta a leathnú, trí chur le tionscnaimh réigiúnacha atá ann cheana agus trí leas a bhaint as cláir chomhair Interreg. Tacóidh Mol Eorpach nua um Chomhrac Dóiteáin a bheidh lonnaithe sa Chipir le comharsana réigiúnacha freisin.
·Deiseanna a sholáthraítear le samhaltú IS in ullmhacht do thubaistí a fhiosrú, go háirithe cumais bainistithe géarchéime agus freagartha éigeandála a chur chun cinn trí algartaim intleachta saorga a chomhtháthú i seirbhísí atá ann cheana agus córais tacaíochta cinntí ilghuaise a fhorbairt faoin scáth IS chun Leas an Phobail.
|
III.3. Bainistiú imirce
Is réaltacht dhomhanda í an imirce. Is freagracht chomhpháirteach é a bhainistiú a éilíonn dlúthchomhar agus cur chuige an bhealaigh iomláin atá cuimsitheach agus bunaithe ar chearta an duine i gcomhréir leis an ngné sheachtrach den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann. Áirítear leis sin rialachas imirce a neartú, feabhas a chur ar an mbainistiú teorainneacha, imeachtaí neamhdhleathacha a chosc, tacú le hiarrachtaí chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, chomh maith le himirce dhleathach agus soghluaisteacht a chothú, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le cearta an duine. Cuid lárnach den chur chuige sin is ea gníomhaíochtaí éifeachtacha maidir le filleadh, athligean isteach agus ath-imeascadh a éascú, chomh maith le tacú le hiarrachtaí athlonnaithe agus réitigh a sholáthar chun cosaint imirceach, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn feadh na mbealaí a áirithiú. Ós rud é go bhfuil údaráis áitiúla agus pobail óstacha ar thús cadhnaíochta san obair sin, tá sé fíor-riachtanach a n-acmhainneacht sa réimse sin a neartú, lena n-áirítear sin a dhéanamh trí thacú le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce.
|
Cur chuige an bhealaigh iomláin a chur chun feidhme maidir le bainistiú imirce
Leis an tionscnamh tacófar le cur chuige comhpháirteach maidir le bealaí imirce go dtí an Mheánmhuir agus trasna na Meánmhara. Leis an tionscnamh déanfar an comhar déthaobhach maidir leis an imirce a neartú agus a chomhlánú freisin, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Na hacmhainneachtaí a neartú chun an imirce a bhainistiú go leordhóthanach agus aghaidh níos fearr a thabhairt ar na hiarmhairtí agus na dúshláin atá ann do phobail áitiúla. Mar thoradh ar chomhar níos fearr leis na gníomhaithe ábhartha, beidh acmhainneacht mhéadaithe ann géarchéimeanna imirce a chosc agus freagairt dóibh, trí chórais luathrabhaidh, uirlisí faireacháin riosca agus pleananna teagmhasacha ilpháirtithe leasmhara a fhorbairt.
·Dlús a chur le filleadh deonach díniteach agus le hath-imeascadh imirceach ó chomhpháirtithe na Meánmhara Theas chuig a dtír thionscnaimh.
·An comhar a neartú maidir le filleadh agus athligean isteach éifeachtach daoine atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas.
·Feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an imirce neamhdhleathach a chosc, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac trí chomhpháirtíochtaí oibríochtúla, agus tionscadail ábhartha, mar shampla, mar chuid den Chomhaontas Domhanda.
·Feachtais múscailte feasachta réigiúnacha a eagrú maidir le nósanna imeachta víosaí gearrfhanachta chun bacainní a theorannú agus eisiúint víosaí a éascú, le rannpháirtíocht Bhallstáit an Aontais a eisíonn víosaí sna comhpháirtithe sa Mheánmhuir theas lena mbaineann.
·Comhpháirtíochtaí Tallainne a uas-scálú agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a sheoladh chun naisc a éascú idir fostóirí an Aontais agus cuardaitheoirí poist ó thíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear sin a dhéanamh tríd an bpróiseas faighte víosaí a éascú do mhic léinn, d’oibrithe oilte, do thaighdeoirí agus d’acadóirí.
·Feabhas a chur ar an spás cosanta le haghaidh imircigh leochaileacha, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe sa Mheánmhuir Theas i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta, go háirithe trí thionscadal cosanta réigiúnach nua don Mheánmhuir theas, lena gcuirfear malartú dea-chleachtas maidir le saincheisteanna sonracha cosanta chun cinn.
·Tacú le hiarrachtaí deonacha na mBallstát maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil.
|
III.4. Forfheidhmiú an dlí, an comhar breithiúnach agus an tslándáil teorann
Tá comhar atá éifeachtach, bunaithe ar chearta an duine agus comhtháite sa Mheánmhuir maidir le bainistiú teorainneacha agus cuardach agus tarrtháil ríthábhachtach chun teorainneacha a thiontú ina limistéir níos sábháilte agus tairseacha le haghaidh rathúnas agus shlándáil na ndaoine.
Ar bhonn na ngníomhaíochtaí a dhéantar mar chuid den Chomhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac, beidh comhar méadaithe agus comhroinnt faisnéise dírithe ar chineálacha cur chuige comhchuibhithe maidir le faireachas teorann agus muirí, chomh maith le seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann agus le linn rialuithe custaim. Leis an méadú sin ar an gcomhar agus ar an gcomhroinnt faisnéise, neartófar an comhordú i measc gníomhaithe forfheidhmithe dlí ag na teorainneacha chun dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus chun gluaiseachtaí daoine aonair ar dócha go mbeidh bagairtí slándála ag baint leo a chosc.
Tá comhar substaintiúil idir an tAontas agus comhpháirtithe na Meánmhara Theas i bhfeidhm chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí na gcomhpháirtithe teorainneacha a bhainistiú go héifeachtach. Mar gheall ar chineál méadaitheach trasteorann agus domhanda na mbagairtí slándála atá ag dul in olcas mar gheall ar theicneolaíocht atá ag athrú go tapa, tá gá le comhar neartaithe agus níos éifeachtaí. Is é is aidhm don tionscnamh cur isteach ar ghníomhaíochtaí aindleathacha agus iad a chomhrac, agus timpeallacht shlán shábháilte agus cosaint a sholáthar do dhaoine agus d’earraí i Spás Coiteann na Meánmhara.
|
Teorainneacha slána
Leis an tionscnamh, cuirfear cur chuige comhchoiteann i bhfeidhm maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha agus slándáil, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Acmhainneachtaí bainistithe teorainneacha institiúideacha agus oibríochtúla a neartú agus comhlíonadh caighdeán chearta an duine á áirithiú an tráth céanna, trí chúnamh teicniúil spriocdhírithe agus trí shineirgí a chruthú leis na cláir atá ann cheana. Áireofar leis an gcúnamh sin tacaíocht do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus d’fhorbairt chomhoibríoch nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha.
·Tionscadail phíolótacha ar mhionscála nó ar mheánscála a roghnú lena gcur chun feidhme, bunaithe ar na gníomhaíochtaí agus ar na malartuithe thuas, a d’fhéadfadh tiontú ina dtionscadail níos fadtéarmaí.
·Caighdeáin a ailíniú agus dlús a chur le himréiteach custaim tríd an digitiú chun brú tráchta a laghdú agus an t-am iompair a ghiorrú.
·Feasacht a mhúscailt agus eolas a chomhroinnt, amhail trí Thimpeallacht Chomónta an Aontais Eorpaigh um Chomhroinnt Faisnéise le haghaidh an réimse mhuirí, agus tús á chur leis sin le cuairteanna staidéir agus malartuithe le haghaidh bainistíocht idir meánleibhéal agus ardleibhéal ó údaráis bainistithe teorainneacha.
·Comhar a chothú idir gardaí teorann agus cósta sa Mheánmhuir, fothú acmhainneachta agus scileanna a fheabhsú chun dul i ngleic le staideanna muirí tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as fóram um Fheidhmeanna Ghardaí Cósta na Meánmhara agus as sásraí agus fóraim chomhair eile idir an tAontas agus Comharsanacht an Deiscirt.
·Tacú le caibidlíocht agus cur chun feidhme socruithe oibre idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘Frontex’) agus údaráis bainistithe teorainneacha de chuid chomhpháirtithe na Meánmhara Theas.
|
Níl aon teorainn ag an gcoireacht. Tá sé fíor-riachtanach freagairt chomhchoiteann chomhordaithe a áirithiú chun an t-éilliú, an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Tá comhar breithiúnach agus forfheidhmithe dlí níos fearr ríthábhachtach chun imscrúduithe iomchuí agus ionchúiseamh éifeachtach na coireachta a áirithiú. Éilíonn comhar den sórt sin creat daingean chun sonraí pearsanta, cearta nós imeachta agus creataí cuimsitheacha ceartais choiriúil a chosaint. Tá gníomhaíochtaí éagsúla i bhfeidhm cheana féin chun tacú le comhar póilíneachta agus ceartais sa réigiún. Mar sin féin, is dúshlán mór fós é an bhearna idir an fothú acmhainneachta, an comhar agus torthaí oibríochtúla inláimhsithe a dhúnadh, rud a éilíonn tuilleadh cóineasaithe maidir le spriocanna. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá comhar feabhsaithe agus malartú faisnéise, saineolais agus luathrabhaidh idir an tAontas agus ár gcomhpháirtithe sa Mheánmhuir Theas fíor-riachtanach, chun ullmhacht maidir le treochtaí drugaí a neartú agus chun comhar oibríochtúil leis an Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh in aghaidh na gáinneála a threisiú.
|
MED-OP: An comhar breithiúnach agus an comhar i bhforfheidhmiú an dlí
Beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh ár bhfreagairt chomhchoiteann a neartú sa chomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí agus eagraithe agus na sceimhlitheoireachta tríd an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí agus sa chomhar breithiúnach a neartú. Cuirfear cóineasú caighdeán chun cinn leis laistigh den réigiún agus ar fud an réigiúin chun comhar oibríochtúil a chumasú agus chun coimircí níos láidre a sholáthar do shaoránaigh agus dá gcearta. Bainfear seo amach, go háirithe, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Idirphlé réigiúnach a chur ar bun maidir leis an tslándáil inmheánach a thionólfar go tráthrialta i measc oifigigh shinsearacha an bheartais slándála ó Spás Coiteann na Meánmhara, bunaithe ar Bhuanchoiste an Aontais um an gComhar Oibríochtúil sa tSlándáil Inmheánach. Mar thoradh ar an obair faoin Idirphlé Réigiúnach, ba cheart treochlár a ghlacadh le haghaidh comhar oibríochtúil i réimsí leasa choitinn, a thabharfar cothrom le dáta go tréimhsiúil.
·Iarrachtaí comhoibríocha a threorú chun an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-áirítear na hiarrachtaí sin a threorú le tacaíocht ó Bhallstáit an Aontais agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
ocóineasú spriocanna agus príomh-athchóirithe maidir le ceartas agus cosaint sonraí a chur chun cinn, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí chúnamh teicniúil tiomnaithe;
oaghaidh a thabhairt ar na príomhbhearnaí san oiliúint oibríochtúil;
oidirphlé tráthrialta saineolaithe a bhunú;
ocuairteanna staidéir a dhéanamh agus saineolaithe náisiúnta gearrthéarmacha a lonnú;
oúsáid a bhaint as cúnamh teicniúil tiomnaithe.
·Tacú le comhaontuithe idirnáisiúnta agus socruithe oibre a chaibidliú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear le Europol, CEPOL, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.
|
3.CUR CHUN FEIDHME AGUS FAIREACHÁN
Déanfar maoirseacht ar chur chun feidhme agus ar fhaireachán an Chomhshocraithe le struchtúr dhá shraith, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal Eora-Mheánmhara.
Ar leibhéal an Aontais, áiritheoidh seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí comhordú agus maoirseacht theicniúil ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe. Déanfar plé ar chur i bhfeidhm an Chomhshocraithe ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha gach seimeastar, ar bhonn nuashonrú cur chun feidhme a chuirfidh an Coimisiún agus an tArdionadaí ar fáil. Leis an bplé sin, beifear in ann an cruinniú aireachta bliantúil idir an tAontas agus Comharsanacht an Deiscirt a ullmhú.
Coinneofar Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta trína coistí ábhartha agus trína toscaireachtaí idirpharlaiminteacha. Coinneofar Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún ar an eolas freisin. Beidh an Comhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara ina phríomhbhealach institiúideach le haghaidh rannchuidiú réigiúnach agus áitiúil.
Ar an leibhéal Eora-Mheánmhara, tiocfaidh grúpa comhpháirteach ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach le chéile 2 uair sa bhliain chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe trí phlean gníomhaíochta tiomnaithe. Tabharfar ionadaithe ón Aontas Eorpach agus ó chomhpháirtithe na Meánmhara Theas le chéile sa ghrúpa. Rannchuideoidh an grúpa freisin le hullmhú na haireachta bliantúla idir an tAontas agus Comharsanacht an Deiscirt. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do ghníomhaithe eile, amhail institiúidí náisiúnta airgeadais agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta, agus ionadaithe ó thíortha eile agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, páirt a ghlacadh i bpléití an ghrúpa, i gcás inarb ábhartha.
Déanfar na tionscnaimh atá beartaithe faoin gComhshocrú a thrasuí i bplean gníomhaíochta tiomnaithe, ina sonrófar na tíortha rannpháirteacha agus na páirtithe leasmhara le haghaidh gach tionscnaimh. Déanfar measúnú comhpháirteach ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Doiciméad beo a bheidh ann agus cuirfear tionscnaimh nua leis le himeacht ama.
Cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an plean gníomhaíochta tosaigh i láthair sa chéad ráithe de 2026 sa chomhghrúpa ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú go comhpháirteach ar bhonn rollach.
Tá taithí ag an Aontas don Réigiún Meánmhuirí ar líonraí réigiúnacha a thógáil agus ar thionscadail shuaitheanta a stiúradh. Leis an gcumhacht chomórtha atá aige, tacóidh an tAontas don Réigiún Meánmhuirí le cruinnithe an ghrúpa chomhpháirtigh, agus beidh sé ina chomhpháirtí freisin i gcur i bhfeidhm an Chomhshocraithe, lena n-áirítear trína chruinnithe aireachta.
Le Tionól Parlaiminteach na nÓg le haghaidh na Meánmhara soláthrófar treoir thábhachtach le haghaidh cur chun feidhme agus forbairt tionscnamh faoin gComhshocrú. Ar an gcaoi chéanna, eagrófar idirphlé tráthrialta le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, lena n-áirítear an saol acadúil, taighdeoirí, gníomhaithe sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha, chomh maith leis an bpobal gnó.
4.CONCLÚID
Tá sé beartaithe go bhformhuineoidh an tAontas an Comhshocrú go polaitiúil le comhpháirtithe na Meánmhara Theas i mí na Samhna 2025 tráth chomóradh 30 bliain dhearbhú Barcelona.
Leis an gComhshocrú, cruthóimid ár dtodhchaí chomhpháirteach de mheon comhpháirtíochta agus comhúinéireachta, lena bhforbrófar Spás Coiteann na Meánmhara a bheidh níos comhtháite, níos athléimní agus níos sláine.