This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E271
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART SIX - INSTITUTIONAL AND FINANCIAL PROVISIONS#TITLE I - INSTITUTIONAL PROVISIONS#CHAPTER 1 - THE INSTITUTIONS#SECTION 5 - THE COURT OF JUSTICE OF THE EUROPEAN UNION#Article 271 (ex Article 237 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 5 - CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 271 (sean-Airteagal 237 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 5 - CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 271 (sean-Airteagal 237 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, pp. 165–165
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/165 |
Airteagal 271
(sean-Airteagal 237 CCE)
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ina dhiaidh seo, i ndíospóidí a bhaineann le:
(a) |
comhall oibleagáidí faoi Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ag na Ballstáit. I dtaca leis sin de, beidh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 258; |
(b) |
bearta arna nglacadh ag Bord Ghobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I dtaca leis sin de, féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún nó Bord Stiúrthóirí an Bhainc imeachtaí a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263; |
(c) |
bearta arna nglacadh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní bheidh imeachtaí in aghaidh bearta den sórt sin intionscanta ach amháin ag Ballstáit nó ag an gCoimisiún faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263, agus ar na forais sin amháin nár comhlíonadh an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19(2), (5), (6) agus (7) de Reacht an Bhainc; |
(d) |
comhall na n-oibleagáidí a thig ó na Conarthaí agus ó Reacht an CEBC agus an BCE ag bainc cheannais náisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh i leith na mbanc ceannais náisiúnta na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 258 i leith na mBallstát. Má fhaigheann an Chúirt gur mhainnigh banc ceannais náisiúnta oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhall, cuirfear de cheangal ar an mbanc ceannais náisiúnta sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh. |