Este documento es un extracto de la web EUR-Lex
Documento 12016E046
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE IV - FREE MOVEMENT OF PERSONS, SERVICES AND CAPITAL#CHAPTER 1 - WORKERS#Article 46 (ex Article 40 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 1 - OIBRITHE
Airteagal 46 (sean-Airteagal 40 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 1 - OIBRITHE
Airteagal 46 (sean-Airteagal 40 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, pp. 66-66
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Vigente
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/66 |
Airteagal 46
(sean-Airteagal 40 CCE)
Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, trí bhíthin treoracha nó rialachán, na bearta is gá chun saoirse ghluaiseachta d'oibrithe, mar atá sé sainithe in Airteagal 45, a thabhairt i gcrích, go háirithe:
(a) |
trí chomhoibriú dlúth a áirithiú idir na seirbhísí náisiúnta fostaíochta; |
(b) |
trí dhíothú a dhéanamh ar na gnásanna agus na cleachtais riaracháin sin agus na tréimhsí cáiliúcháin sin maidir le bheith i dteideal fostaíochta atá ar fáil, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaorghluaiseacht oibrithe; |
(c) |
trí dhíothú a dhéanamh ar na tréimhsí cáiliúcháin agus na srianta eile sin go léir, dá bhforáiltear faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit, a chuireann ar oibrithe ó Bhallstáit eile coinníollacha maidir le saor-rogha fostaíochta nach gcuirtear ar oibrithe an Stáit atá i gceist; |
(d) |
trí shásra iomchuí a chur ar bun chun tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a thabhairt i dteagmháil le chéile agus chun go n-éascófar cothromaíocht idir soláthar agus éileamh ar mhargadh na fostaíochta d'fhonn go seachnófar aon dochar mór don chaighdeán maireachtála agus don leibhéal fostaíochta sna réigiúin agus sna tionscail éagsúla. |