This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023X0417(06)
Unilateral Declaration by the United Kingdom in the Joint Committee established by the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community of 24 March 2023 on market surveillance and enforcement
Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaith e sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an g Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an g Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 maidir le faireachas ar an margadh agus maidir le forfheidhmiú
Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaith e sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an g Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an g Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 maidir le faireachas ar an margadh agus maidir le forfheidhmiú
PUB/2023/427
IO L 102, 17.4.2023, pp. 93–94
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 102/93 |
DEARBHÚ AONTAOBHACH ÓN RÍOCHT AONTAITH E SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN G COMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN G COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an 24 Márta 2023
maidir le faireachas ar an margadh agus maidir le forfheidhmiú
Meabhraíonn an Ríocht Aontaithe a gealltanas córas láidir faireachais agus forfheidhmithe margaidh a áirithiú i gcomhthéacs na socruithe uathúla a comhaontaíodh leis an Aontas Eorpach i gcomhréir le Creat Windsor (1) chun trádáil laistigh de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe a chosaint, agus áit Thuaisceart Éireann mar chuid dhílis de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe, agus sláine mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais Eorpaigh á háirithiú san am céanna.
Cuireann an Ríocht Aontaithe i bhfios go láidir nach mór forfheidhmiú láidir a bheith ann chun a áirithiú nach bhfuil trádálaithe ag baint mí-úsáid as na socruithe trádála inmheánacha nua sin chun earraí a bhogadh isteach san Aontas Eorpach.
Faireachas margaidh
Aithníonn an Ríocht Aontaithe an ról tábhachtach atá ag faireachas margaidh, agus obair na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás inniúil eile, chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, leanfaidh an Ríocht Aontaithe dá áirithiú go gcuirfidh na húdaráis sin clár gníomhaíochtaí ar fáil lena spreagtar sábháilteacht agus comhlíonadh, lena n-áirítear oibriú le gnólachtaí chun a áirithiú go bhfuil siad ar an eolas faoina n-oibleagáidí, measúnú a dhéanamh ar dhoiciméadacht agus táirgí ar an margadh a sheiceáil i gcás inarb ábhartha.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas fós:
— |
cumas agus acmhainneacht a fhorbairt i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás inniúil eile, |
— |
feabhas a chur ar mhodheolaíochtaí maidir le measúnú riosca ar shábháilteacht táirgí, |
— |
a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis ábhartha chun gníomhaíocht éifeachtach faireacháin a dhéanamh i gcomhthéacs na teorann idirnáisiúnta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, |
— |
tacú le gníomhaíochtaí rioscabhunaithe agus faisnéisbhunaithe ó údaráis ábhartha, lena n-áirítear iniúchtaí, cigireachtaí agus spotseiceálacha iomchuí, chun comhlíonadh a sheiceáil i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme, |
— |
faisnéis stóinseach agus bailiú sonraí a úsáid chun bonn mionsonraithe fianaise a áirithiú chun rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint, lena n-áirítear gluaiseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teacht isteach san Aontas Eorpach, |
— |
faisnéis chruinn agus mhionsonraithe a úsáid chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus forfheidhmithe, agus |
— |
faisnéis a roinnt agus a fháil trí aon chóras TF ábhartha maidir le gníomhaíochtaí comhlíonta na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás inniúil eile. |
Tacóidh an Ríocht Aontaithe fós leis an gcomhar le húdaráis faireachais margaidh i margaí eile, tríd an Oifig Idirchaidrimh Aonair um fhaireachas margaidh.
Forfheidhmiú
Ní bheidh seiceálacha ná rialuithe nua ag an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Éire i gceist le forfheidhmiú láidir, ach ciallóidh sé sin gníomhaíocht fheabhsaithe ag údaráis ábhartha na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, leis an Aontas Eorpach agus le húdaráis na mBallstát i gcás inarb iomchuí, chun margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe agus margadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais Eorpaigh a chosaint, agus chun dul i ngleic go láidir le gníomhaíocht neamhdhleathach agus smuigleáil, lena n-áirítear ag grúpaí coiriúla eagraithe.
Maidir le hearraí atá faoi réir rialacha sláintíochta agus fíteashláintíochta, cuirfidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh agus forfheidhmiúcháin tuilleadh feabhais ar na nósanna imeachta sonracha a leagtar amach sna rialacha is infheidhme maidir le teacht isteach na n-earraí sin i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin, neartóidh an Ríocht Aontaithe a gníomhaíocht faireacháin agus forfheidhmithe chun bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as earraí a aistrítear le beartán, agus aitheantas á thabhairt don spleáchas ar leith a chuireann tomhaltóirí ar na gluaiseachtaí sin.
Ina theannta sin, coinneoidh an Ríocht Aontaithe a réimeas láidir pionós i leith gníomhaíochtaí neamhdhleathacha trádála agus smuigleála. Coinneofar an méid sin faoi athbhreithniú dlúth, chun pionóis a mhéadú a bhaineann le mí-úsáid na rialacha nua sin trí earraí a aistriú isteach san Aontas Eorpach más gá chun díspreagadh breise a sholáthar.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe gníomhaíocht éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach maidir le neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann. Air sin beidh anailís riosca, gníomhaíocht chomhlíontachta rioscabhunaithe agus measúnuithe riosca leanúnacha ar dhaonraí trádálaithe, agus smachtbhannaí agus pionóis mar bhonn taca leo.
(1) Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.