这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4188

23.7.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.12060 — ALPHABET / FOXCONN / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/4188)

1.   

An 11 Iúil 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Hon Chi International Investments Co. (‘Hon Chi’, an Téaváin), atá faoi rialú deiridh Hon Hai Precision Industry Co., Ltd. (‘Foxconn’, an Téaváin),

Intrinsic Innovation LLC (‘Intrinsic’, na Stáit Aontaithe), atá faoi rialú deiridh Alphabet Inc. (‘Alphabet’, na Stáit Aontaithe),

Foxconn II Factories, LLC (‘JV’, na Stáit Aontaithe), atá faoi rialú aonair Foxconn faoi láthair.

Gheobhaidh Hon Chi agus Intrinsic rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta sealbhaíochta agus fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid Foxconn é Hon Chi. Is cuideachta é Foxconn atá gníomhach go príomha i monarú táirgí leictreonacha, a bhfuil oibríochtaí aige ar fud Chríocha Mheiriceá, na hÁise agus na hEorpa,

Is cuideachta bogearraí agus róbataic intleachta saorga é Intrinsic a dhíríonn ar réitigh a fhorbairt d’fhorbróirí agus do ghnólachtaí chun dul i mbun róbataic ar bhealach inacmhainne agus táirgiúil. Tá a scairshealbhóir deiridh Alphabet gníomhach i raon leathan réimsí táirgí lena n-áirítear teicneolaíocht fógraíochta ar líne, cuardach idirlín, néalríomhaireacht, bogearraí agus crua-earraí.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an gcomhfhiontar:

Is comhfhiontar úrnua é JV a fhorbróidh teicneolaíocht agus b’fhéidir crua-earraí le haghaidh uathoibriú cliste monarchan, agus a dhéanfaidh iad a thráchtálú ina dhiaidh sin.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.12060 — ALPHABET / FOXCONN / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4188/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)