7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/394 |
Airteagal 3
An ceart chun iomláine an duine
1. Tá ag gach duine an ceart go dtabharfar meas ar a iomláine nó ar a hiomláine choirp agus mheabhrach.
2. I réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta, ní mór na nithe seo a leanas go háirithe a urramú:
(a) |
toiliú saor feasach an duine i dtrácht, de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos le dlí; |
(b) |
toirmeasc ar chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais sin arb é is aidhm dóibh daoine a roghnú; |
(c) |
toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna agus de bhaill den chorp, ina gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp; |
(d) |
toirmeasc ar chlónáil atáirgeach daoine. |