这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/35


Airteagal 35

(sean-Airteagal 20 CAE)

Déanfaidh misin taidhleoireachta agus consalachta na mBallstát agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus a n-ionadaíochtaí chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhoibriú chun a áirithiú go ndéantar na cinntí lena saineofar seasaimh agus gníomhaíochtaí Aontais arna nglacadh de bhua na Caibidle seo a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme.

Cuirfidh siad dlús leis an gcomhar trí fhaisnéis a mhalartú agus trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh.

Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh an Aontais chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 23 den Chonradh sin a chur chun feidhme.