这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/35


Airteagal 34

(sean-Airteagal 19 CAE)

1.   Comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Déanfaidh siad seasaimh an Aontais a chosaint sna fóraim sin. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an comhordú sin a eagrú.

In eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu, déanfaidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach iontu seasaimh an Aontais a chosaint.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 24(3), cuirfidh na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu na Ballstáit eile sin, agus an tArdionadaí, ar an eolas faoi aon ábhar comhleasa.

Na Ballstáit atá freisin ina gcomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh siad comhbheartú agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an tArdionadaí ar an eolas go hiomlán. Na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Chomhairle Slándála, déanfaidh siad, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, seasaimh agus leasanna an Aontais a chosaint, gan dochar dá bhfreagrachtaí de bhun fhorálacha Chairt na Náisiún Aontaithe.

Nuair a bheidh seasamh sainithe ag an Aontas ar ábhar atá ar chlár oibre Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, iarrfaidh na Ballstáit a shuíonn ar an gComhairle Slándála go n-iarrfar ar an Ardionadaí seasamh an Aontais a chur i láthair.