这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/33


Airteagal 30

(sean-Airteagal 22 CAE)

1.   Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle agus féadfaidh aon Bhallstát nó an tArdionadaí tionscnaimh nó tograí, faoi seach, a thíolacadh di.

2.   I gcásanna ina mbeidh gá le cinneadh sciobtha, comórfaidh an tArdionadaí, uaidh féin, nó arna iarraidh sin do Bhallstát, cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht n-uaire an chloig is daichead nó, má tá éigeandáil ann, laistigh de thréimhse níos giorra.