这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/31


Airteagal 25

(sean-Airteagal 12 CAE)

Seolfaidh an tAontas an comhbheartas eachtrach agus slándála:

(a)

trí na treoirlínte ginearálta a shainiú;

(b)

trí chinntí a ghlacadh lena saineofar:

(i)

gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích ag an Aontas;

(ii)

seasaimh atá le glacadh ag an Aontas;

(iii)

socruithe maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) a chur chun feidhme;

agus

(c)

trí neartú a dhéanamh ar chomhar córasach idir na Ballstáit agus a mbeartas á seoladh acu.