7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/15 |
BROLLACH
TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN NA hÉIREANN, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN (1),
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU tús a chur le céim nua i bpróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a gabhadh ar láimh le bunú na gComhphobal Eorpach,
AGUS INSPIORÁID Á FÁIL acu ó oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonnach na hEorpa, ónar fhabhraigh na luachanna uilechoiteanna arb éard iad na cearta dosháraithe doshannta atá ag an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta,
AG MEABHRÚ DÓIBH tábhacht stairiúil deireadh a bheith curtha le roinnt mhór-roinn na hEorpa agus an gá atá ann le boinn dhaingne a chruthú do thógáil Eoraip na todhchaí,
AG DAINGNIÚ a gcion le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus smachta reachta,
AG DAINGNIÚ a gcion leis na cearta sóisialta bunúsacha mar atá siad sainithe i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um chearta sóisialta bunúsacha le haghaidh oibrithe,
ÓS MIAN LEO an dlúthpháirtíocht idir a bpobail a neartú agus a stair, a gcultúr agus a dtraidisiúin á n-urramú acu,
ÓS MIAN LEO oibriú daonlathach agus éifeachtach na n-institiúidí a fheabhsú tuilleadh chun a chumasú dóibh na cúraimí atá curtha orthu a chur i gcrích níos fearr laistigh de chreat institiúideach aonair,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU neartú agus cóineasú a ngeilleagar a ghnóthú agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú, lena n-áirítear, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, airgeadra aonair cobhsaí,
AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh dá bpobail, ag tabhairt aird ar phrionsabal na forbartha inbhuanaithe agus faoi chuimsiú ghnóthú an mhargaidh inmheánaigh agus athneartú ar chomhtháthú agus ar chosaint an chomhshaoil, agus beartais a chur chun feidhme a áiritheoidh go mbeidh dul chun cinn comhthreomhar i réimsí eile ag gabháil le haon dul chun cinn sa lánpháirtíocht eacnamaíoch,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saoránacht a bhunú is coiteann do náisiúnaigh a dtíortha,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU comhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht i gcomhréir le forálacha Airteagal 42, ag athneartú ar an dóigh sin na féiniúlachta Eorpaí agus a neamhspleáchais, d'fhonn an tsíocháin, an tslándáil agus an dul chun cinn san Eoraip agus ar domhan a chur ar aghaidh,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saorghluaiseacht daoine a éascú, agus sábháilteacht agus slándáil a bpobal á n-áirithiú acu, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU leanúint den síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa ina nglactar cinntí ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta,
I bhFIANAISE na gcéimeanna eile is gá a ghlacadh chun an lánpháirtíocht Eorpach a chur ar aghaidh,
(liosta na lánchumhachtach gan atáirgeadh)
(1) Tá Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cróite, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne tar éis teacht chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas Eorpach ó shin.