7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/51 |
Airteagal 206
Féadfaidh an Comhphobal comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, ag bunú comhlachais lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.
Tabharfaidh an Chomhairle na comhaontuithe sin i gcrích, ag gníomhú di d'aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
I gcás inar gá leasuithe ar an gConradh seo de dhroim na gcomhaontuithe sin, déanfar na leasuithe sin a ghlacadh an chéad uair i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 48 (2) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.