7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/45 |
Airteagal 182
1. Féadfaidh an Coimisiún, ach é a chur in iúl d'údarás inniúla na mBallstát lena mbaineann, aistriú go hairgead reatha ceann de na Ballstáit a dhéanamh ar a bhfuil ina sheilbh aige d'airgead reatha Ballstáit eile, a mhéid is gá le go bhféadfar é a úsáid chun na gcríoch a cheaptar dó leis an gConradh seo. Seachnóidh an Coimisiún aistriú dá leithéid sin, chomh fada agus is féidir, má bhíonn airgead nó sócmhainní insóinseáilte ar seilbh aige sna hairgid reatha atá ag teastáil uaidh.
2. Déileálfaidh an Coimisiún le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh sonraithe ag an Stát áirithe. Chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích, bainfidh an Coimisiún leas as seirbhísí bhanc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist nó aon institiúide airgeadais eile a bheidh formheasta ag an Stát sin.
3. Maidir leis an gcaiteachas nach foláir don Chomhphobal a thabhú in airgid reatha tríú tíortha, déanfaidh an Coimisiún, sula nglacfar go críochnaitheach leis na buiséid, clár a chur faoi bhráid na Comhairle ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas réamhmheasta sna hairgid reatha éagsúla.
Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an clár seo a fhormheas. Féadfar é a mhodhnú i gcaitheamh na bliana airgeadais de réir an nós imeachta chéanna.
4. Déanfaidh na Ballstáit airgead reatha triú tíortha a mbeidh gá leis faoi chomhair an chaiteachais a thaispeánfar sa chlár dá bhforáiltear i mír 3 a aistriú chun an Choimisiúin de réir na scálaí atá leagtha síos in Airteagal 172. Déanfar suimeanna a bhaileoidh an Coimisiún in airgead reatha tríú tíortha a aistriú chun na mBallstát de réir na scálaí céanna.
5. Féadfaidh an Coimisiún aon suimeanna in airgead reatha tríú tíortha, a fuarthas i bhfoirm iasachtaí a fuair sé sna tíortha sin, a úsáid gan bhac.
6. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún, na socruithe i dtaobh malairte dá bhforáiltear sna míreanna roimhe seo a chur chun feidhme, go hiomlán nó go páirteach, ar an nGníomhaireacht agus ar Ghnóthais Chomhpháirteacha, agus, nuair is iomchuí sin, na socruithe sin a chur in oiriúint dá riachtanais oibríochta.