7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/39 |
Airteagal 105
Ní bhainfear leas as forálacha an Chonartha seo chun cosc a chur le comhaontuithe nó conarthaí a chur i ngníomh a bhí tugtha i gcrích ag Ballstát, duine nó gnóthas le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát roimh an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stáit aontacha, roimh dháta a n-aontachais, má chuirtear na comhaontuithe nó na conarthaí sin in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis na ndátaí réamhráite.
Ach comhaontuithe nó conarthaí a thabharfaidh duine nó gnóthas i gcrích le triú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát, idir an 25 Márta 1957 agus an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stáit aontacha, idir dáta na hionstraime aontachais a shíniú agus dáta a n-aontachais, ní bhainfear leas astu chun gan an Conradh seo a chur i ngníomh más rud é, i dtuairim Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ag rialú di ar iarratas ón gCoimisiún, gur chun éalú a bheith aige ó fhorálacha an Chonartha seo cúis amháin de na cúiseanna cinntitheacha a bhí ag ceachtar páirtí leis an gcomhaontú nó an conradh a thabhairt i gcrích.