7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/44 |
Airteagal 176
1. Faoi réir na dteorainneacha a thig de chláir nó de chinntí lena mbaineann caiteachas agus ar ghá, de bhun an Chonartha seo, aontoilíocht na Comhairle dóibh, áireofar sna suimeanna a dháilfear do chaiteachas ar thaighde agus ar infheistíocht:
(a) |
leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chumhdaíonn rannchuid míreanna a dhéanann aonad ar leith agus iomlán comhtháite; |
(b) |
leithreasaí íocaíochta atá in ionannas leis an tsuim uasta is iníoctha gach bliain i gcomhair na n-oibleagáidí ina ndeachthas faoi fhomhír (a). |
2. Déanfar sceideal na ndátaí a bheidh na hoibleagáidí agus na híocaíochtaí sin dlite a chur mar iarscríbhinn leis an dréachtbhuiséad comhréireach atá á thairiscint ag an gCoimisiún.
3. Déanfar leithreasaí le haghaidh taighde agus infheistíochta a aicmiú faoi chaibidlí éagsúla de réir a gcineáil nó a gcuspóra agus iad a roinnt, sa mhéid gur gá sin, de réir na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
4. Déanfar údaráis íocaíochta nár úsáideadh a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain airgeadais eile le cinneadh ón gCoimisiún, mura ndéanfaidh an Chomhairle a mhalairt de chinneadh.