7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/35 |
Airteagal 85
I gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca nua, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, oiriúnú a dhéanamh ar an nós imeachta chun na coimircí a chur chun feidhme atá leagtha síos sa Chaibidil seo, arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún. Scrúdóidh an Coimisiún aon iarratas den sórt sin a dhéanfaidh Ballstát.