7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/33 |
Airteagal 82
Is é an Coimisiún a earcóidh cigirí.
Beidh siad freagrach sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 79 a fháil agus a fhíorú. Cuirfidh siad aon sárú in iúl don Choimisiún.
Féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt á ghairm ar an mBallstát áirithe na bearta uile is gá a dhéanamh, laistigh de theorainn ama a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, chun deireadh a chur leis an sárú sin; cuirfidh sé é sin in iúl don Chomhairle.
Mura gcomhlíonfaidh an Ballstát treoir an Choimisiúin laistigh den teorainn ama shonraithe, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát lena mbaineann, de mhaolú ar Airteagail 258 agus 259 Den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an t-ábhar a thabhairt láithreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.