7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/23 |
Airteagal 49
Is trí chinneadh ón gComhairle a bhunófar Gnóthais Chomhpháirteacha.
Beidh pearsanacht dhlítheanach ag gach Gnóthas Comhpháirteach.
I ngach ceann de na Ballstáit, beidh aige an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe náisiúnta an Stáit sin; féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chonradh seo nó ina reachtanna féin, beidh gach Gnóthas Comhpháirteach faoi réir na rialacha a bhaineann le gnóthais tionscail nó tráchtála ina theannta sin, féadfaidh a reachtanna tagairt ar mhodh foghabhálach do dhlíthe náisiúnta na mBallstát.
Ach amháin i gcás ina dtugtar dlínse do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis an gConradh seo, is iad na cúirteanna nó na binsí náisiúnta iomchuí a chinnfidh díospóidí a bhainfidh le Gnóthais Chomhpháirteacha.