7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/19 |
Airteagal 31
Déanfaidh an Coimisiún na bunchaighdeáin a oibriú amach tar éis dó tuairim a fháil ó ghrúpa daoine a cheapfaidh an Coiste Eolaíoch agus Teicniúil as measc saineolaithe eolaíochta, go háirithe saineolaithe sláinte poiblí, sna Ballstáit. Gheobhaidh an Coimisiún tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta ar na bunchaighdeáin sin.
Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chuirfidh ar aghaidh chuici na tuairimí a fuarthas ó na Coistí sin, na bunchaighdeáin a shocrú; gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.