7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/17 |
Airteagal 27
Beidh an cúiteamh i leith aon damáiste a bhain don iarratasóir de dhroim rúnaicmiú ar chúiseanna cosanta faoi réir fhorálacha dhlíthe naisiúnta na mBallstát agus luífidh a fhreagracht ar an Stát a d'iarr an rúnaicmiú sin nó a fuair uasghrádú nó fadú ar an rúnaicmiú nó a chuir faoi deara go dtoirmiscfí comhdú iarratas lasmuigh den Chomhphobal.
I gcás ina mbeidh roinnt Ballstát tar éis uasghrádú nó fadú a fháil ar an rúnaicmiú nó inar chuir siad faoi deara go dtoirmiscfi comhadú iarratas lasmuigh den Chomhphobal beidh siad freagrach i gcomhpháirt in aon damáiste a shlánú a tharla dá bhíthin sin.
Ní fhéadfaidh an Comhphobal aon chúiteamh a éileamh faoin Airteagal seo.