这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/16


Airteagal 25

1.   Ballstát ag a mbeidh fógra á thabhairt go bhfuarthas iarratas ar phaitinn nó ar chuspa áisiúlachta a bhaineann le hábhar a shonraítear in Airteagal 16(1) nó (2) nó a bheidh á chur i bhfios cad atá in iarratas den sórt sin, déanfaidh sé, más iomchuí, aird a tharraingt ar an ngá atá le grádú slándála áirithe ar chúiseanna cosanta, agus luafaidh sé san am céanna cá fhad is dóigh a mhairfidh an grádú sin.

Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh go dtí na Ballstáit eile gach scéala a fuarthas de réir na fomhíre roimhe seo. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na bearta sin a bheidh, faoi na rialacháin slándála, ag freagairt don ghrádú a d'éiligh an Stát tionscnaimh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún freisin gach scéala acu sin a chur ar aghaidh chuig Gnóthais Chomhpháirteacha nó, trí bhíthin Ballstáit, chuig duine nó gnóthas seachas Gnóthas Comhpháirteach atá ag oibriú i gcríoch an Stáit sin.

Ni féidir aireagáin is ábhar do na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach amháin le toiliú an iarratasóra nó de réir Airteagail 17 go 23.

Beidh na scéala agus, nuair is iomchuí, an úsáid dá dtagraítear sa mhír seo faoi réir na mbeart atá, faoi na rialacháin slándála, ag freagairt don ghrádú slándála a d'éiligh an Stát tionscnaimh.

Beidh na scéala i ngach cás faoi réir thoiliú an Stáit tionscnaimh. Is ar chúiseanna cosanta amháin a fhéadfar toiliú a choimeád siar maidir le scéala a chur i bhfios nó le húsáid.

3.   Arna éileamh sin ag an gCoimisiún nó ag Ballstát, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil, grádú eile a chur chun feidhme nó an fhaisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú tráth ar bith. Gheobhaidh an Chomhairle tuairim an Choimisiúin sula ndéanfaidh sí aon bheart ar éileamh ó Bhallstát.