这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/29


Airteagal 70

Laistigh de na teorainneacha a bheidh leagtha sios le buiséad an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, ar cibé coinníollacha a shaineoidh sé, tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir chuardaigh i gcríocha na mBallstát.

Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát d'fhonn cuardach agus saothrú fosuithe mianraí a fhorbairt.

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiún gach bliain tuarascáil ar fhorbairt an chuardaigh agus an táirgthe, ar chúltacaí dóchúla agus ar a bhfuil d'infheistíocht sa mhianadóireacht déanta nó beartaithe a dhéanamh ina gcríocha. Cuirfear na tuarascálacha sin faoi bhráid na Comhairle, mar aon le tuairim an Choimisiúin, ina luafar go sonrach cad a rinne Ballstáit ar mholtaí a cuireadh faoina mbráid faoin mír roimhe seo.

Más rud é, nuair a chuirfidh an Coimisiún an t-ábhar faoina bráid, go bhfionnfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe gur cosúil bunús eacnamaíoch ar bhonn fadtéarmach a bheith leis na hionchais chun mianraí a bhaint, ach go bhfuil na gníomhaíochtaí cuardaigh agus an leathnú ar oibríochtaí mianadóireachta fíor-neamhdhóthanach i gcónaí, measfar go bhfuil an Ballstát atá i gceist, fad a fhágfaidh sé an cor sin gan leigheas, tar éis an ceart comhrochtana ar fhoinsí eile soláthair sa Chomhphobal a tharscaoileadh, thar a cheann féin agus thar ceann a náisiúnach.