7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/26 |
Airteagal 59
Mura bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht a ceart chun rogha ar tháirgeacht iomlán táirgeora nó ar aon chuid di:
(a) |
féadfaidh an táirgeoir, trína acmhainní féin a úsáid nó trí chonradh, na mianta, na bunábhair nó na hábhair inscoilte speisialta a phróiseáil, ar choinníoll go dtáirgfidh sé don Ghníomhaireacht toradh na próiseála sin; |
(b) |
údarófar don táirgeoir, le cinneadh ón gCoimisiún, a bhfuil ar fáil dá tháirgeadh a dhiúscairt lasmuigh den Chomhphobal, ar choinníoll nach fabhraí téarmaí a thairisceana ná téarmaí a thairisceana roimhe sin don Ghníomhaireacht. Is tríd an nGníomhaireacht amháin áfach, a fhéadfar ábhair inscoilte speisialta a onnmhairiú, agus sin de réir Airteagal 62. |
Ni fhéadfaidh an Coimisiún é sin a údarú mura gcruthóidh faighteoirí na soláthairtí sin chun a shástachta go gcosnófar leasanna ginearálta an Chomhphobail, nó má bhíonn téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí sin contrártha d'aidhmeanna an Chonartha seo.