这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/181


Airteagal 310

(sean-Airteagal 268 CCE)

1.   Déanfar gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh i meastacháin a tharraingeofar suas do gach bliain airgeadais agus taispeánfar iad sa bhuiséad.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 314.

Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

2.   Údarófar an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad don tréimhse bhuiséadach bhliantúil i gcomhréir leis an rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322.

3.   Chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun feidhme beidh gá le gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh roimh ré chun bunús dlí a sholáthar dá ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh i gcomhréir leis an Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dlí sin.

4.   D'fhonn an smacht buiséadach a áirithiú, ní ghlacfaidh an tAontas aon ghníomh ar dóigh dó iarmhairtí suntasacha a bheith aige ar an mbuiséad gan a dheimhniú go bhféadfar an caiteachas a eascraíonn ón ngníomh sin a mhaoiniú laistigh de theorainneacha acmhainní dílse an Aontais agus i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 312.

5.   Déanfar an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasaí sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal sin.

6.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 325, an chalaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.