这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/155


Airteagal 244

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, roghnófar comhaltaí an Choimisiúin ar bhonn córais uainíochta arna bhunú d'aon toil ag an gComhairle Eorpach ar bhonn na bprionsabal a leanas:

(a)

cuirfear an chóir chomhionann cheannann chéanna ar na Ballstáit i dtaca leis an ord san am agus an ré ina mbeidh a náisiúnaigh mar chomhaltaí den Choimisiún a chinneadh; dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an difríocht idir líon iomlán na dtéarmaí oifige arna sealbhú ag náisiúnaigh aon dá Bhallstát ar leith bheith níos mó ná téarma amháin;

(b)

faoi réir phointe (a), beidh gach Coimisiún leanúnach comhdhéanta ar dhóigh a léireoidh go sásúil raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát uile.