7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/149 |
Airteagal 223
(sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)
1. Tarraingeoidh Parlaimint na hEorpa suas togra d'fhonn na bearta is gá a bhunú do thoghadh a cuid comhaltaí trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta aonfhoirmeach sna Ballstáit go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir.
Saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, na forálacha is gá. Tiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim ón gCoimisiún a iarraidh agus formheas ón gComhairle a fháil, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a leagan síos a rialaíonn comhlíonadh a gcuid dualgas ag a comhaltaí. Is gá aontoilíocht laistigh den Chomhairle a bheith le gach riail nó coinníoll a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí.