这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/142


Airteagal 210

(sean-Airteagal 180 CCE)

1.   D'fhonn comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais maidir le comhar um fhorbairt agus comhbheartóidh siad le chéile a gcláir chabhrach, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Féadfaidh siad gníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghabháil ar láimh. Rannchuideoidh na Ballstáit, más gá, le cur chun feidhme chláir chabhrach an Aontais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.