这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/141


Airteagal 209

(sean-Airteagal 179 CCE)

1.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun beartas comhair um fhorbairt a chur chun feidhme, bearta a fhéadfaidh a bheith bainteach le cláir ilbhliantúla comhair le tíortha i mbéal forbartha nó le cláir a bhfuil cur chuige téamúil acu.

2.   Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 208 den Chonradh seo a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

3.   Rannchuideoidh an Banc Eorpach Infheistíochta, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear ina Reacht, le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1.