这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/164


Airteagal 269

Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt maidir le dlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ach amháin arna iarraidh sin don Bhallstát atá ina ábhar do shuíomh ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle agus ach amháin i ndáil leis na réamhchoinníollacha nós imeachta san Airteagal sin.

Ní mór an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta ar suíodh amhlaidh. Rialóidh an Chúirt laistigh de mhí ó dháta na hiarrata.