这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/135


Airteagal 196

1.   Cothóidh an tAontas comhar idir Bhallstáit d'fhonn cur le héifeachtúlacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus cosaint ina gcoinne.

Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:

(a)

gníomhaíocht na mBallstát a chothú agus a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil maidir le rioscaí a chosc, maidir lena bhfoirne cosanta sibhialta a ullmhú agus maidir le hidirghabháil i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine laistigh den Aontas;

(b)

comhar sciobtha éifeachtúil oibríochtúil a chur chun cinn laistigh den Aontas idir na seirbhísí náisiúnta cosanta sibhialta;

(c)

an chomhsheasmhacht a chur chun cinn in obair idirnáisiúnta cosanta sibhialta.

2.   Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.