这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/131


Airteagal 189

1.   Ullmhóidh an tAontas beartas Eorpach spáis d'fhonn an forás eolaíoch agus teicniúil, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh sé tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn, tacú leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú.

2.   D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá a bhunú, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm clár Eorpach spáis, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

3.   Bunóidh an tAontas gach caidreamh is iomchuí leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'fhorálacha eile an Teidil seo.