7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/129 |
Airteagal 182
(sean-Airteagal 166 CCE)
1. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, clár réime ilbhliantúil ina leagfar amach gníomhaíochtaí uile an Aontais.
Déanfaidh an clár réime:
— |
na cuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le gnóthú sna gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 180 agus na tosaíochtaí a bheidh ag gabháil leo a shocrú; |
— |
imlínte do na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfios; |
— |
an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe a shocrú do rannpháirtíocht airgeadais an Aontais sa chlár réime maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht arna beartú. |
2. Déanfar an clár réime a oiriúnú nó a fhorlíonadh de réir mar a thagann cor nua sa scéal.
3. Cuirfear an clár réime chun feidhme trí bhíthin cláir shonracha a dhéanfar a fhorbairt laistigh de gach gníomhaíocht. Déanfaidh gach clár sonrach rialacha mionsonraithe a chur chun feidhme a shonrú, a ré a shocrú agus an maoiniú a mheastar is gá a fhoráil. Ní fhéadfaidh suim na méideanna a mheastar is gá arna socrú sna cláir shonracha a bheith níos mó ná an t-uasmhéid foriomlán arna shocrú don chlár réime agus do gach gníomhaíocht.
4. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na cláir shonracha a ghlacadh.
5. Mar chomhlánú ar na gníomhaíochtaí a bheartófar leis an gclár réime ilbhliantúil, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta is gá chun an limistéar Eorpach taighde a chur chun feidhme.