这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/96


Airteagal 118

Faoi chuimsiú an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta maidir le cearta Eorpacha maoine intleachtúla a chruthú chun cosaint aonfhoirmeach ar chearta maoine intleachtúla a áirithiú ar fud an Aontais agus maidir le córais lárnaithe um údarú, um chomhordú agus um maoirsiú a chur ar bun ar leibhéal an Aontais.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, na socruithe teanga do na cearta Eorpacha maoine intleachtúla a ghlacadh trí bhíthin rialachán. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.