这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/90


Airteagal 105

(sean-Airteagal 85 CCE)

1.   Gan dochar d'Airteagal 104, féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear chun feidhme na prionsabail atá leagtha síos in Airteagail 101 agus 102. Ar iarratas a fháil ó Bhallstát, nó uaidh féin, agus i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, a thabharfaidh a gcabhair dó, scrúdóidh an Coimisiún cásanna ina bhfuil amhras gur sáraíodh na prionsabail thuasluaite. Má fhaigheann sé gur tharla sárú, molfaidh sé bearta iomchuí chun deireadh a chur leis.

2.   Mura gcuirtear deireadh leis an sárú, déanfaidh an Coimisiún an sárú sin ar na prionsabail a thaifeadadh i gcinneadh réasúnaithe. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a fhoilsiú agus a údarú do Bhallstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an scéal a leigheas, agus saineoidh sé coinníollacha agus sonraí na mbeart sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh a bhainfidh leis na haicmí comhaontuithe a bhfuil an Chomhairle tar éis rialachán nó treoir a ghlacadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 103(2)(b).