这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/125


Airteagal 172

(sean-Airteagal 156 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na treoirlínte agus na bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 171(1).

Is gá ceadú an Bhallstáit i dtrácht do threoirlínte agus tionscadail leasa choitinn a bhaineann le críoch an Bhallstáit sin.