这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/87


Airteagal 98

(sean-Airteagal 78 CCE)

Ní bheidh forálacha an Teidil seo ina gconstaic ar fheidhmiú beart a ghlactar i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme a mbaineann an deighilt sin leo. Cúig bliana tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an tAirteagal seo.