这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/86


Airteagal 95

(sean-Airteagal 75 CCE)

1.   I gcás iompar san Aontas, toirmiscfear aon idirdhealú trína ndéanann carraeirí rátaí difriúla a bhaint amach agus coinníollacha difriúla a fhorchur as na hearraí céanna a iompar ar na hidirbhealaí iompair céanna mar gheall ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n-earraí áirithe.

2.   Ní choiscfidh mír 1 den Airteagal seo Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó bhearta eile a ghlacadh de bhun Airteagal 91(1).

3.   Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, rialacha a leagan síos chun forálacha mhír 1 a chur i ngníomh.

Féadfaidh an Chomhairle, go háirithe, na forálacha a leagan síos is gá chun a chumasú d'institiúidí an Aontais a thabhairt go gcomhlíonfar an riail atá leagtha síos i mír 1 agus a áirithiú go mbeidh a tairbhe iomlán ag úsáidirí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar aon chásanna idirdhealaithe a thig faoi mhír 1 agus, tar éis dul i gcomhairle le haon Bhallstát lena mbaineann, glacfaidh sé cibé cinntí is gá faoi chuimsiú na rialacha a leagadh síos de réir fhorálacha mhír 3.