这是indexloc提供的服务,不要输入任何密码

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/61


Airteagal 36

(sean-Airteagal 30 CCE)

Ní fhágann forálacha Airteagail 34 agus 35 go mbeidh bac ar thoirmisc nó srianta le hallmhairí nó onnmhairí nó earraí faoi bhealach, más gá a leithéid ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó le slándáil an phobail; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; chun seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; nó chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint. Ach ní cead áis a bhaint as na toirmisc ná na srianta sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit.