7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/75 |
Airteagal 77
(sean-Airteagal 62 CCE)
1. Déanfaidh an tAontas beartas a fhorbairt d'fhonn:
(a) |
a áirithiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha; |
(b) |
seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha; |
(c) |
córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a thabhairt isteach de réir a chéile. |
2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) |
an comhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile; |
(b) |
na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha; |
(c) |
na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal ar feadh gearrthréimhse laistigh den Aontas; |
(d) |
aon bheart is gá chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile; |
(e) |
nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha. |
3. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(a), a éascú agus mura bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, forálacha a ghlacadh a bhaineann le pasanna, le cártaí aitheantais, le ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear d'inniúlacht na mBallstát maidir le teorannú geografach a dteorainneacha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.